Wednesday, August 26, 2015

Ach cá ndeachaigh 'An Samhradh'

Bail ó Dhia oraibh a chairde,

Cé chaoi a bhfuil sibh? Aisling libh anseo agus mé suite anseo ag scríobh an bhlag seo agus mé ag cur ceiste orm fhéin cá ndeachaigh an trí mhí sin? Tá sé deacair a rá gur samhradh a bhí ann mar go bhfuil muid in ann comhaireamh ar an dá lámh na laethanta bréatha a bhí againn.

Is gearr go mbeidh sé in am dhul ar ais ar scoil agus tús a chur le bliain nua.  Fuaireamar cúpla iarratas agus ríomhphost ó dhaoine a bhí ag iarraidh blag a dhéanamh ar éadach scoile nó éadach do mhúinteoirí, agus sin an áit a dtagaimse isteach sa scéal. Ní haon 'fashionista' mé ach is maith liom éadaí agus faisean. Chomh maith leis sin déanaim iarracht a bheith gléasta ar scoil agus mé ag iarraidh a bheith ag cur oideachais ar an gcéad ghlúin eile.

Domsa go pearsanta an rud is tábhachtaí dom ná bróga le sála réasúnta ard? Cén fáth? Bhuel aon duine daoibh a mhúineann daltaí na séú bliana tuigfidh sibh é seo. Mura bhfuil sála arda orm, mothaím nach bhfuil aon údarás agam agus go bhfuil cuid de na daltaí ag breathnú anuas orm agus mé ag caint leo. Faraor níl airde mar cheann de na tréithe a bheannaigh Dia mé leis. Ach ag an am céanna caithfidh mé a bheith ciallmhar faoi seo mar go mbím ins na bróga seo ar feadh thart ar ocht n-uaire. Feicfidh sibh thíos roinnt de na bróga a chathim atá compórdach agus a thugann beagán airde dom



Ó thaobh éadaigh de, is dóigh go mbraitheann sé ar an scoil. Tá roinnt scoileanna nach gceadaionn bríste géine agus atá an-dian ar an gcód feistis. Tá an t-ádh dearg ormsa go bhfuilim ag múineadh i scoil a cheadaíonn bríste géine. Tugann sé níos mó saoirse dom agus mé ag seasamh os comhair mo vardrús oíche i ndiadh oíche ag súil go léimfidh mo chuid éadaí amach agam(faraor ní tharlaíonn sé seo) Mar sin, is minic a bhfeicfidh tú mise i mbríste géine de shaghas éigin agus léine nó geansaí deas (ag brath ar an aimsir) Má bhreathnaíonn sibh thíos, feicfidh sibh roinnt de na fesitis a chaithim agus samplaí eile a chonaic mé i siopaí a thaitin liom.



É sin ráite má bhíonn aon ócáid ar siúl sa scoil mar shampla cruinniú na dtuismitheoirí, chaithfinn b'fhéidir gúna nó sciorta 'pencil'. Breathnaíonn siad seo an-sofisticated agus proifisiúnta ag an am céanna. Arís cúpla sampla thíos.


Anois is arís nuair a bhím sa 'mood' caithim beagán seodra. Bíonn fáinní cluasa istigh agam chuile lá ach nuair a bhuaileann an fonn mé, caithim slabhra brád. Go háirithe dá mbeinn ag caitheamh bríste dubha, ceapaim go dtugann slabhraí bráid dath do do chulaith. Níl a fhios agam fúibhse ach nuair atá iarracht curtha isteach agam i mo chuid éadaigh an oíche roinhe mothaím ar nós 'Pinky and the Brain', go bhfuilim in ann rud ar bith a dhéanamh agus is 'feel good factor' atá ann.



Agus ar deireadh sula stopfaidh mé ag blabberáil chainte, do chuig ingne. Má tá do chuid ingne déanta tá tú leathghléasta cheana féin. Go hiondúil mar 'treat' faighim shellacs. Tá an t-uafás dathanna ar fáil do gach séasúr agus maireann siad cúpla seachtain ag brath ort féin agus cé chomh cúramach is atá tú leo.  Inniu fuair mé féin an 'French Manicure' mar ní raibh mé in ann dath a roghnú.

Bhuel a chairde Ghaeil, tá súil agam gur chabhraigh sé seo libh ar bhealach éigin. Arís níl aon duine mar a chéile agus mar sin an rud a thaitneodh liomsa, b'fhéidir nach dtaitneaodh sé libhse agus a mhalairt. Caithfidh mé imeacht anois mar tá mé arais ar scoil amárach agus tá cinneadh an-mhór le déanamh agam............. Céard a chaithfidh mé ar mo chéad lá ar scoil?????

Mar fhocal scoir, do na múinteoirí eile amuigh ansin (ar nós mé féin ,Síofra, Roseann agus Gearóidín) fair play dhaoibh. Tá sibh ag déanamh sárjab i bpost atá dúshlánach go leor ach thar a bheith taitneamhach. 'Ní post é má thaitníonn sé leat'

Beir bua agus beannacht,
Aisling

X

Tuesday, August 18, 2015

Aistear Aclaíochta - Kayla Itsines BBG

Cúlra

Haigh, Síofra anseo! Nuair a bhí mé óg, bhínn ag snámh sé lá sa tseachtain. Ní raibh mé thar cionn ach tá bonn na hÉireann nó dhó agam! Bhain mé sult as na laethanta sin cé go raibh corr mhaidin ann nach raibh fonn dá laghad orm éirí as mo leaba!!! Ba dhuine aclaí mé, d'ith mé aon rud ar mhian liom mar bheadh na calraí dóite agam an tráthnóna sin ar aon nós! Agus ansin nuair a thosaigh mé ag imirt peile agus mé sa dara bliain ar scoil - Ní raibh lá ar bith sa mhí nach mbíodh beagán aclaíochta á dhéanamh agam! Níor smaoinigh mé riamh faoin lá nach mbeinn in ann mo rogha bia a ithe agus an lá nach mbeinn aclaí. Ach, is amhlaidh gur tháinig an lá sin, faraor!

Tar éis ollscoile, rinne mé iarracht píosa aclaíochta a dhéanamh i rith na bliana agus mé ag múineadh ar scoil ach i ndairíre tar éis cúpla seachtain - d'éirigh mé as, níl a fhios agam i ndáiríre ar mar gheall ar easpa ama é (tuigeann múinteoirí é seo ach go háirithe) nó b’fhéidir drogall!


Tar éis seachtaine sa Dominican Republic ansin rinne mé cinneadh agus  dúirt mé liom fhéin ok sin deireadh leis na leithscéalta ar fad. Mhothaigh mé cosúil le heilifint bheag, nó le heilifint mhór, d’fhéadfá a rá!! Mar sin, bheartaigh mé an clár 12 seachtaine a thosú! Tá trí seachtaine déanta agam agus táim ag tnúth le seachtain a ceathair!
Ní haon eolaí mé ach táim ag foghlaim agus mé ag treabhadh liom ar aghaidh!

BBG
Tá an e-leabhar seo ar fáil ar www.kaylaitsines.com. Tá treoir ann faoin mbia freisin agus tá sé agam ach i láthair na huaire ní ag diríú ar an mbia atáim agus mé fós ar mo laethanta saoire!! Ach nuair a théim abhaile i gceann seachtaine tá sé ar intinn agam tús a chur leis an mbia sláintiúil! So, fan go bhfeicfidh sibh, coinneoidh mé ar an eolas sibh maidir leis sin… mar a deir an té a deir, is de réir a chéile a thógtar na caisleáin!!!

Tá 12 seachtain i gceist leis an gclár seo. Tá seachtain a haon agus seachtain a trí mar a chéile agus tá seachtain a dó agus seachtain a ceathair mar a chéile agus leanann sé ar aghaidh mar sin.
Tá sé ráite ag Kayla go mbeadh an té atá i mbun aclaíochta níos rathúla dá mbeadh trí 'resistance training sessions' déanta acu in aon sheachtain amháin agus trí workout eile - siúloid nó píosa ríocht. Agus mar sin bheadh lá amháin saor acu ansin! De ghnáth ar an Domhnach! (wohoooo)

Maireann an resistance workout ar feadh 28 nóiméad, ní mórán é sin nuair a smaoiníonn go bhfuil 24 uair sa lá. Tá dhá chiorcad. Déanann tú ciorcad a haon ar feadh 7 nóiméad agus ansin is féidir leat sos a thógáil - tógaim fhéin 90 soicind! Ansin, déanann tú ciorcad a dó ar feadh 7 nóiméad. So, beidh an dá chiorcaid déanta agat faoi dhó ag deireadh do bhabhta traenála.

Amchlár –

Luan - Tá legs agus cardio le déanamh
Céadaoin - Tá arms agus abs le déanamh
Aoine - Tá full body workout ann. (Cludaíonn an babhta traenála seo meascán de na haclaíochtaí a bhí ar siúl agat i rith na seachtaine.)

Taitníonn an t-amchlár seo go mór liom mar bíonn gach lá difriúil agus dá bharr sin ní bhíonn leadrán ort.

Tuairim

Caithfidh mé a rá ní raibh mé in ann an staighre a dhreapadh théis an chéad lá ná bac le smaoiniú ar an dara lá! Ach buíochas le mac Dé, d'éirigh liom seachtain a haon a chríochnú agus ba í an pháirt ba dheacra agus anois breathnaigh orm agus mé réidh le seachtain a ceathair a thógáil orm féin.(boom!!!!)



Tuigim fhéin go bhfuil cursaí aclaíochta agus cursaí sláintiúla an tábhachtach agus beidh go deo! Muna bhfuil do shláinte agat, níl tada agat, is cuma cé mhéad péire bróga nó gúna deas atá crochta i do vardrús!! Is fearr an sláinte ná na táinte mar a dearfá!!


Arís, nílim i mo shaineolaí ar an ábhar seo in aon chor ach táim ag foghlaim agus táim ag iarraidh nósanna nua a chruthú dom féin agus nós maireachtála nua a leanúint a bheadh sodhéannta agus ceann nach bhfaighinn bréan de..

Má tá suim agaibh m'aistear a leanúint agus féachaint orm do mo mharú fhéin agus an t-allas ag teacht amach tríom, leanaigí mé ar ár gcuntas Snapchat Gaeilge Le Glam.

Má tá ceist ar bith agat - seol ríomphoist chugainn ag gaeilgeleglam@gmail.com. 
Le grá Síofra xxx


Monday, August 17, 2015

Súnna le Buanna





Déanaimse gach iarracht bia sláintiúil a ithe ach faraoir níl sé chomh héasca sin agus mé fós ar saoire an tsamhraidh.  Caithfidh mé a rá táim ag súil le dul arais ag an scoil chun tús a chur le gnáthchúrsaí an lae arís.  Is duine mé atá thar a bheith consiasach faoi aiste bia sláintiúil a bheith agam agus mar thoradh ar seo chur mé tús le súnna déanta as torthaí agus glasraí úra a bheith agam go rialta le bliain beag anuas. 

Cén fáth súnna?  Cé gur múinteoir Tíos mé agus bainim trial as gach saghas bia is cinnte nach ithim mo dhóthain torthaí agus glasraí ó lá go lá.  Chuala mé faoi chomhlacht i nGaillimh a bhí ag déanamh súnna úra agus á seachadadh timpeall na cathrach  Cheap mé gur smaoineamh iontach a bhí ann agus bhain mé trial astu, tar éis píosa shocraigh mé tabhairt faoi mo chuid fhéin a dhéanamh. 


De réir treoirlínte An Phirimid Bia ba cheart sé riarachán de thorthaí agus glasraí a bheith agat gach lá agus ba cheart dóibh a bheith ite sa bhfoirm is simplí mar shampla gan aon chócaireacht nó próiséalú a bheith déanta orthu m.sh ní usáidim torthaí nó glasraí stánaithe.  Is breá liom meascán de thorthaí agus glasraí a chur le chéile ag brath ar céard atá ar fáil. 
Tá luach cothaitheach maith ag na glasraí de bharr na vitimíní agus mianraí atá ar fáil iontu.  Déanaim iarracht glasraí glasa a chur i mo chuid súnna m.sh spionáiste, cál, brocáile agus soilire de bharr an iarann atá iontu. Is breá liom an blas mhilis atá ag cairéidí freisin agus tá siad seo go maith don chraiceann agus súile de bharr an vitimín A (Beta-Carotene) atá i láthair.  Cuidíonn na torthaí citreas le hiontógál vitimín C a mhéadú agus craiceann a choinneál sláintiúl.
Seo a leannas cuid de na hoidis atá déanta agam go dtí seo;
Is meascán é seo do spionáiste, soilire, líomaí, líomóin agus seadóg, is féidir beagán sinséar a chur leis seo chun an blas searbh a bhaint don sú.


Biatais, cairéid agus úll atá sa sú seo;









Is sú an-simplí é seo níl ach trí chomhábhar i gceist, oráistí, líomóin agus cairéid





Tá sé tábhactach neart leac oighir a chur leis na súnna chun iad a fhuarú agus an blas géar a bhaint astu!!!!
  Bhuel a chairde níl thuas ach blaise beag de na súnna atá déanta agam go dtí seo sa bhaile. Ní thógann siad mórán achair iad a dhéanamh má tá deich noiméad agat ar maidin! 

Ní hamháin sin ach mothaíonn tú an-mhaith don chuid eile don lá agus chabhraíonn sé leat tú féin a chuir ar an mbóthar ceart ó thaobh cúrsaí beatha. 

Sin a bhfuil uaimse go fóill. Má tá aon cheist agaibh faoi aon cheann atá luaite thuas, nó aon aiseolas déan cinnte go bhfágann sibh teachtaireacht nó seol r-phost gaeilgeleglam@gmail.com
Bainigí taitneamh as😊
Roseann X

Monday, August 10, 2015

Ióga Te-Ióga Bikram


An tseachtain seo bhain mé triail as an gcineál ióga seo. Cúpla bliain ó shin agus mé féin agus Aisling i mbun ár gcuid máistireachtaí chuaigh muid ag ióga ar feadh míosa. Bhí mé ag smaoineamh a dhul ar ais le fada mar sin an tseachtain seo rinne mé dhá rang.
Is éard atá i gceist le ióga bikram ná rang 90 nóiméad agus déanann tú 26 staidiúir (faoi dhó) agus dhá ghníomh anála. Deirtear go bhfuil na staidiúir curtha le chéile ionas go gcuirfidh tú gach matán, orgán, faireog agus fíochán i do chorp ag obair. Is cosúil go bhfuil an t-uafás buntáistí ann do do chorp go ginearálta, agus dár ndóigh an inchinn. Bíonn tú istigh i seomra atá 40céim Celsius agus moltar duit gan an seomra a fhágál ar chor ar bith ar feadh an t-achar sin.

Chuaigh mise ann ar an Máirt agus ar an Aoine. Caithfidh mé a rá go raibh an rang ar an Aoine deich n-uaire níos deacra ná an ceann ar an Máirt, nílim cinnte cén fáth, cheapfainn go mb’fhéidir go raibh an lá é féin níos teo agus chomh maith leis sin ní raibh mó dhóthain uisce ólta agam. Ní mhór do dhuine 2 lítear uisce a bheith ólta acu sula rachadh siad ann.


Cuireann tú an t-uafás allais agus tú istigh sa seomra mar sin muna mbeidh an t-uisce ólta agat, gheobhaidh tú droch chloigeann tinn. Anuas ar sin ag deireadh an ranga moladh dúinn lítear eile uisce a ól ina dhiaidh. Ní dhearna mise é sin ar an Máirt agus mar sin dhúisigh mé i lár na hoíche agus bhí mo chloigeann ag pléascadh!

Anois cén sórt daoine a bhfuil sé seo oiriúnach dó??? Bhí chuile chineál duine istigh sa rang seo; daoine a raibh na cnámha ag teacht amach tríothu agus daoine a bhí go leor meachán orthu. Ní gá duit a bheith aclaí chun an rang seo a dhéanamh, rud a bhí oiriúnach domsa, mar nach rithfinn trasna an bhóthair gan stopadh! Cabhraíonn an ióga te leat do sholúbthacht, neart agus láidreacht coirp a fheabhsú, chomh maith leis sin, deirtear go bhfuil sé an-mhaith do dhaoine atá ag teacht acu féin tar éis gortú, (rud nach mhór duit a rá leis an múinteoir ag tús an ranga), cabhraíonn sé le do shláinte go ginearálta a fheabhsú agus faoiseamh a thabhairt ó strus.

Tá an rang é féin an-chiúin, ní labhraíonn aon duine le chéile, seachas an múinteoir. Moltar do dhaoine gan aon chumarsáid a bheith eatarthu le linn an ranga, agus dár ndóigh cabhraíonn sé seo go mór le hatmaisféar chalm a chrúthú sa seomra. Ní gá duit a bheith iontach ag ióga chun an rang seo a dhéanamh. Deir an teagascóir rudaí a thógáil ag do luas féin agus gan do chorp a chuir faoi aon bhrú! Beidh a dhóthain brú ar leis an méid allais a chuirfidh tú! Mar sin le linn an ranga má tá tú faoi bhrú, nó má cheapann tú nach bhfuil tú in ann rud éigin a dhéanamh, is féidir leat suí síos ar do mhata agus díriú ar d’anáil, arís níl cead agat an rang a fhágál go dtí an deireadh.

Céard a theastaíonn uait don rang?
-Teastaíonn mata ióga uait- ach muna bhfuil ceann agat, cuirtear ar fáil iad sna hionaid éagsúla. Uaireanta b’fhéidir go mbainfeadh siad euro nó dhó uait as iad a fháil ar iasacht/cíos don rang.
-Níor cheart dhuit a dhul isteach sa rang gan buideál uisce. Anois níor cheart duit a bheith ag slogadh uisce istigh sa rang mar b’fhéidir go bhfaigheadh tú pian i do bholg, ach bíonn cúpla briseadh uisce tugtha duit le linn an ranga agus ansin fliuchann tú do bhéal, arís ní thógann tú mórán- ba cheart an t-uisce a bheith ólta agat le linn an lae lena chinntiú go mbeidh do chorp réidh don rang.
-Ba cheart duit dhá thuáille a thabhairt leat, ceann mór le cuir ar do mhata agus ceann beag le haghaidh an t-allas a chuimilt do d’aghaidh- níor thug mise liom an tuáille beag an chéad oíche agus bhí an t-allas ag doirteadh díom agus ag dul isteach i mo chuid súile, rud a bhí ag cur isteach go mór orm le linn an ranga.
-Níl cead agat aon bhróga a chaitheamh, agus tá roinnt áiteanna nach ligeann cead duit stocaí a chaitheamh sa rang!
-Ó thaobh éadaí ansin, níor cheart duit mórán éadaí a chaitheamh. Chuir mise t-léine agus brístí gearra agus bhí siad sin togha!
-Moltar duit freisin a theacht ag an rang, suas le fiche nóiméad roimh an ranga chun cleachtadh a fháil ar an teas, agus b’fhéidir chun áit a fháil! Bíonn na ranganna seo an-ghnóthach!
-Níor cheart duit mórán a ithe roimh an rang ach an oiread, mar arís d’fhéadfadh sé pian a chuir i do bholg!

Tá an ióga te sách costasach ach déanann go leor de na háiteanna seo tairiscint do chustaiméirí nua- 30 lá ar 49 euro!  

Má tá chun ióga te a thriail ní mhór duit a bheith réidh le neart allais a chuir agus an t-uafás calraí a dhóigh :) 

Sunday, August 9, 2015

Na hÉadain Taobh Thiar do 'Gaeilge le Glam'


Roseann Uí Fhlatharta  

Dia dhaoibh, is mise Roseann agus tá mé an-sásta a bheith bainteach don bhlag úr nua seo,  Rugadh agus tógadh mé i gConamara áit a raibh an t-ádh liom an Ghaeilge a bheith agam mar theanga dúchais.  D'fhreastal mé ar choláiste San Aingeal i Sligeach áit ar bhain mé amach céim sa Tíos agus sa Gaeilge agus ansin rinne mé máistireacht i dTeagasc Teangacha.  Is múinteoir mé i gColáiste Éinde i gcathair na Gaillimhe.  Aontóidh na cailiní go bhfuil mé i ngrá le bia ach go bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh i gcónaí agus mar sin is léir go bhfuil mé sa phost ceart agus an dá ábhar seo a mhúineadh agam  :-)   

Is minic go mbíonn muid gafa leis na haistí bia éagsúla atá curtha ós ár gcomhair sna meáin, ní heolaí mé amach is amach ar an ábhar seo ach rud amháin cinnte ná go mbeidh mé ag roinnt na hoidis a úsáidim go rialta ar an mblag.  Is breá liom a bheith ag taisteal freisin agus, le cúpla mí anuas bhí mé i Meicsiceo, Las Vegas,  Barcelona, Amsterdam, Londain agus Marbella. Ba bhreá liom roinnt eolais a roinnt libh ar na háiteanna seo nó má tá aon cheist agaibh féin ná bíodh drogall ar bith oraibh iad a chur.  Tá turais eile beartaithe agam do na míonna seo amach romhainn agus gan dabht beidh sibh coinnithe ar an eolas fúthú sin. 


Mar atá luaite againn ar fad is blag é seo faoi chúrsaí an tsaoil agus na rudaí a thiteann amach inár saol go laethúil, táim ag súil go mór roinnt de na suimeanna atá agam a roinnt libh amach anseo!! Bainigí taitneamh as ár mblag! Slán go fóillín :-) xx 

Síofra Ní Bhriain



Is cailín na Gaillimhe mé, chomh maith leis na cailíní eile sa ghrúpa seo! Agus is aoibheann liom an contae álainn atá againn! Táim an-bhródúil as agus na nithe áilleachta a bhaineann leis. Tá áit mhór agam i mo chroí do Chonamara, áit ar thit mé i ngrá leis an Ghaeilge! 

Tógadh i dTuaim mé agus d'fhreastail mé ar Scoil Bhríde. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil. Tar éis na blianta a chaith mé ar scoil, d'fhreastail mé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus Tíreolaíocht. Tar éis sin, rinne mé maistreacht sa Nua Ghaeilge. So, ní raibh Gaeilge agam ó mo dhúchas, d'fhoghlaim mé é! Má bhí mise in ann é a dhéanamh is cinnte go mbeadh aon duine beo in ann é a dhéanamh!! 

Faoi láthair, táim ag déanamh iarrachta clár aclaíochta Kayla Itsines a chríochnú! 
(Fan go bhfeicfidh sibh! :P)

Tá suim agam i gcúrsaí áilleachta, aclaíochta agus spóirt agus dár ndóigh, faisean! Tá suim an-mhór agam i gcúrsaí smididh ach, tá mé fós ag foghlaim! Má tá aon ealaíontóir smididh ag iarraidh ceacht nó dhó a thabhairt dom, bheinn an-bhuíoch!! Ceannaim smideadh an t-am ar fad ach fós, caithim an rud céanna i gcónaí! Ta níos mo cleachtaidh ag teastáil is dócha!!

Táim ag obair mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Cistéirseach Ros Cré, i gContae Thiobraid Árann. Is aoibheann liom an scoil agus tá na buachaillí go léir ag déanamh a seacht ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn! Táim ag tnúth leis an aistear nua seo atá romhainn. Ta súil agam go mbeidh muid in ann muintir na tíre a spreagadh chun níos mó Gaeilge a léamh agus a labhairt! Ná déan dearmad, má tá aon cheist agaibh, seol snap nó ríomhphoist chugainn! :D xx


Gearóidín De Bhailís


Is as an gCeathrú Rua mise. Tá an t-ádh liom gur le Gaeilge a tógadh mé agus mar sin tá sí agam ón gcliabhán. Níor smaoinigh mé ariamh agus mé i mo ghasúr óg cé chomh tábhachtach is a bhí an teanga dom. Thuig mé agus mé i mo chónaí in áiteanna eile in Éirinn go bhfuil an t-ádh dearg liom Gaeilge a bheith agam agus go bhfuil daoine amuigh ansin agus thabharfadh siad rud ar bith a bheith in ann Gaeilge a labhairt. 

Tá mé ag obair mar mhúinteoir meánscoile anois le ceithre bliana. D’oibrigh mé i bPobalscoil an Mhóta ar feadh dhá bhliain agus ansin i Meánscoil Iognáid Rís le dhá bhliain eile agus anois tá mé níos goire do bhaile agus mé ag obair i gCathair na Gaillimhe.  

Is dócha gurb é an suim is mó atá agamsa ná siopadóireacht. Bheinn in ann seancháirín asail a líonadh leis an méid bróga atá agam, ach tar éis an méid sin níl mó dhóthain agam!! Is breá liom éadaí, ag breathnú ar éadaí, ag cuardach éadaí agus ag ceannach éadaí. Níl tada níos mó is fearr liom ná ag cur feistis le chéile agus ag déanamh ‘mix agus match’ idir feistis difriúla. Tá suim mhór agam sa spórt freisin. 

An rud is mó atá mé ag iarraidh a fháil amach as an mblag seo, ná daoine a chur ag léamh Gaeilge agus cén fáth nár cheart do na cúrsaí seo a bheith i nGaeilge. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as a chairde! :D

Aisling Ní Chormaic


Haigh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Mar is eol do chuid agaibh faoi seo, Aisling atá ormsa. Rugadh agus tógadh ar an gCeathrú Rua mé agus mar sin bhí an Ghaeilge agam sular fhoghlaim mé an Béarla. Ní cheapfainn gur thuig mé tábhacht na Gaeilge dom fhéin go pearsanta go dtí go ndearna mé céim Másitireachta i 2011. Chomh maith leis nuair a thosaigh mé ag múineadh i 2011 osclaíodh mo chuid súile  nuair a d'fheicfinn mo chuid scoláirí ag streachtailt leis an nGaeilge. Ar bhealach thóg sé chomh fada sin orm tuiscint a fháil ar chomh 'lucky' is atá mé.

I mí Mheáin Fómhair na bliana seo beidh mé ag dul isteach i mo chúigiú bliain mar mhúinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta. Cé go bhfuil Tíreolaíocht mar ábhar múineadh agam freisin níl aon dabht ach gurb í an Ghaeilge is mó a bhfuilim paiseanta fúithi( Agus cén fáth nach mbeinn? Nach álainn an teanga í) Bhí an t-ádh orm post a fháil i nGaillimh dhá bhliain ó shin tar éis a bheith i gCill Dhéagláin i mo chéad bhliain múineadh agus i bPobalscoil Mhóta ina dhiaidh sin.

Is iomaí caithimh aimsire atá agam, ó bheith ag léamh, ag siúl, ag siopadóireacht, ag freastal ar cheoldrámaí (An bhfaca sibh The Bodyguard???? WOW)  agus go leor eile. Tá sé ráite ag Gearóidín thuas faoin méid bróga atá aici agus caitfidh mé a rá níl mé i bhfad taobh thiar di. D'fhéadfadh an bheirt againn siopa bróg a oscailt ach go bhfuil seans ann go mbeadh 20% de na bróga céanna ag an mbeirt againn (comhtharlú) Déarfadh mo Dhad go bhfuil 'fadhb' agam ach ní thuigeann sé é an creatúrín, déanann siad 'happy' mé.

Bhuel deabhal móran eile le rá agamsa ach go bhfuil súil agam go mbainfidh sibh tairbhe agus taitneamh as ár mblag. Dóibh siúd ar bheagán Gaeilge tá súil againn go bhfoghlaimeoidh sibh 'cúpla focal' eile. Nár laga Dia sibh. Grá mór, Aisling X








Friday, August 7, 2015

Tús an Aistir

Cén chaoi a bhfuil sibh glammers?                                                                                         Dia dhaoibh agus Fáilte romhaibh chuig ár mblag, Gaeilge le Glam. Is dócha i dtosach báire go mbeadh sé go deas againn muid féin a chur in aithne agus a insint daoibh cén fáth ar thosaíomar an aistear nua seo.


Tá ceathrar againn sa ghrúpa; Síofra, Roseann, Aisling agus Gearóidín. Faoi seo, is dócha go bhfuil sibh ar an eolas gur múinteoirí muid! Ach tá súil againn nach mbreathnóidh daoine orainn mar sheanchailleachaí le píosa beag cailce! Táimid go léir i ngrá lenár dteanga naisiúnta, an Ghaeilge. Is as contae na Gaillimhe muid agus táimid go léir ag múineadh Gaeilge i meán scoileanna iontachta! :-D

Thug muid faoi blag a bhúnú mar go bhfuil an ceathrar againn gafa le blagairí, bímid seasta síoraí ag seoladh teachtaireachtaí ag a chéile chun an duine is nua atá faighte againn a roinnt le chéile. Anuas ar sin, bímid ag seoladh pictiúir go héadaí, smidiú agus mar sin de chuig a chéile. Bhuail smaoineamh Síofra agus dúirt sí ‘Cén fáth nach ndéanfadh muid é seo i nGaeilge’ agus tá an ceart ar fad aici. Bheartaíomar an blag seo a bhunú chun béim a chur ar an nGaeilge, go háirithe an Ghaeilge labhartha. Tuigimid nach bhfuil go leor Gaeilge ar fáil ar na meáin sóisialta agus cén fáth nach bhfuil? Cén fáth nach bhfuil muidne ag baint úsáide as an nGaeilge gach lá?

Tá suim mhór againn go léir i bhfaisean, i dtáirgí áilleachta, i gcúrsaí bia agus aclaíochta. Beidh an blag seo bunaithe ar na nithe sin. Tá suimeanna difriúla againn go léir ach an suim is mó atá againn ná an Ghaeilge!

Ba bhreá linn ailt a scríobh ar rudaí atá suimiúil agus tábhachtach daoibhse go léir.
Seol ríomhphoist nó snapchat chugainn má tá aon cheist agaibh!

Spraoi ar Snapchat!











Wednesday, August 5, 2015

Fáilte

Dia dhaoibh agus fáilte go Gaeilge le Glam. Tá muid ag cur tús le haistear nua inár saoil! Ceathrar múinteoirí Gaeilge le suim i bhfaisean, i dtáirgí áilleachta, i gcúrsaí bia agus aclaíochta agus ar deireadh thiar thall ár dteanga náisiúnta, an Ghaeilge!!!