Friday, October 23, 2015

Buataisí Thar an Glúin

Hellloooo a chairde, 

Síofra anseo! So, b'fhéidir go bhfuil sé seo ar eolas agaibh cheana féin ach tá grá mór millteach agam do Olivia Palermo! Is spéirbhean álainn amach is amach í - agus ba bhreá liom a vardrús a ghoideadh! Ach faraor, níl na pócaí atá aici siúd agamsa so tá orm a stíl agus a saol a chóipeáil ar bhealach níos saoire!! 




Is iad na buataisí seo na buataisí is áille i mo thuairimse agus ba bhreá liom péire acu a cheannach ach, faraor, níl siad i mo bhuistéad faoi láthair!!


Ceannaigh Anseo                          Ceannaigh Anseo

Wednesday, October 21, 2015

Gruaig Ghlam don Gheimhreadh :)

Tá mé ar ais arís a chairde agus ábhar na seachtaine seo ná do chuid gruaige. Dúirt mé sa mblag roimhe seo gur aoibhinn liom an t-am seo den bhliain agus is aoibhinn. Ach anois leis an aimsir ag athrú agus chuile shórt eile, bíonn an- tionchar aice seo ar do chuid gruaige. Aon duine a bhfuil aithne acu orm, beidh a fhios agaibh gur bhearr mé mo chuid gruaige mí Lúnasa seo caite. Bhí sí leath-bealaí síos mo dhroim agus thug mé an chop di, bheartaigh mé dul leis an 'bob style'. Bhí cineál aiféala orm ar dtús ach tuigim gur theastaigh sé uaithi. Thíos feicfeidh sibh mo stíl gruaige nua. Mura duine tú a bhfuil an t-ádh dearg leat agus go bhfuil gruaig álainn, shláintiúil agat, caithfidh tú am agus airgead a chaitheamh le do ghruaig. 

An chéad rud ná déan cinnte go bhfuil scuab gruaige ceart á úsáid agat. An scuab nó raca a úsaideann tú le haghaidh í a chíoradh, ní hé an ceann a bheidh agat le haghaigh í a thriomú agus mar sin de. Feicfidh sibh samplaí thíos de na cinn a chonaic mé agus arís cinn le haghaidh gruaig a chíoradh agus cinn le haghaidh í a thriomú.

Is iondúil a roghnaíonn muid seampú agus feabhsaitheoir de bharr go bhfuil dath deas ar an mbuidéal nó go mbíonn boladh deas uathu. Cuma cé chomh deas is atá an boladh, tá seans ann nach bhfuil sé ag déanamh aon mhaitheasa do do ghruaig. Séard atá a rá agam ná déan cinnte go dtéann tú ag do ghruaigaire agus go bhfaigheann tú seampú agus feabhsaitheoir a fheileann don chineál gruaige atá ort. An seampú agus feabhsaitheoir atá á

Friday, October 16, 2015

Maraí ag éadaí agus maraí gan iad

Dia dhaoibh, tá súil agam go raibh seachtain mhaith agaibh go léir :)
Ceann de mhór-dhathanna an gheimhridh is ea an dath téal agus ceann de na dathanna is fearr liomsa, mar sin táim chun roinnt pictiúr a chur le chéile ar chúpla rud atá feicthe agam leis an dath sin: 

Seo sean-phictiúr do Taylor Swift, ach an dath sin agus an gúna sin: WOW!
Ceapann go leor nach mór duit dath geal a bheith ar do chuid gruaige chun an dath seo a chaitheamh ach léiríonn Kate Middleton agus Lupita Nyong'o dúinn gurb é a mhalairt iomlán atá i gceist, féach ar an ngúna seo, nach mbreathnaíonn an bheirt acu go hálainn! 

Seo cúpla rud atá agamsa leis an dath seo orthu:  



Wednesday, October 14, 2015

Mo chéad Makeup Masterclass le Rosie Connolly

Haigh a chairde,


Iad siúd a bhfuil aithne agaibh orm beidh a fhios agaibh nach 'makeup guru' mé ar chor ar bith agus is fíor bheagán smidiú a chaithim ó lá go lá ach, sin ráite is breá liom iarracht a chur isteach i bpéinteáil m'éadan nuair atá mé ag dul áit eicint ar nós cóisir nó bainis! Níl mórán scile agam ann chun an fhírinne a rá ach creidim go dtiocfaidh na scileanna seo le cleachtadh nó le haois (níl a s'agam cé acu a thiocfaidh ar dtús - cleachtadh tá súil agam!!!!)


Seans go bhfaca cuid agaibh gur chas mé le Rosie Connolly an deireadh seachtaine seo caite i mBaile Átha Cliath agus is as sin a fuair me ábhar an bhlag daoibh inniu.  Bhí an ocáid eagraithe ag Cloud 10 Beauty agus ba í Rosie an t-ealaíntóir smididh agus blagálaí Hearts, Heels and Handbags a chur an ócáid i láthair dúinn. Nach mé a bhí sásta a bheith ann mar ba é seo an chéad chéim dom mo chuid scileanna a fhorbairt!!!!!




Shroich muid óstán an Morgan ag a 12 áit a raibh lón againn agus ina dhiaidh sin bhí an 'champagne reception', ní raibh sé i bhfad go raibh muid réidh chun tús a chur leis an rang.  Bhí muid ar mhuin na muice nuair a shuí muid síos agus d'oscail muid na 'Goodie bags' a bhí curtha le chéile ag Cloud 10 beauty dúinn;






Friday, October 9, 2015

Riachtanais do Vardrús

Go mbeannaí Dia dhaoibh arís a chairde.

Aisling libh anseo. Tá mé le bheith fírinneach libh anois, faoi láthair agus mé i mbun an bhlag seo tá mé suite síos ar an tolg, tá mo 'dressing gown' mór dearg orm le stocaí fluffy ó Penneys agus tá tine mhór mhillteach thíos ag Mam dom, nach orm atá an t-ádh!!!

Ach a mhaighdeán nach é atá faighte fuar le seachtain anuas? Seachtain ó shin agus mé ag pleanáil mo chuid éadáí don scoil bhí na 'wedges' agus éadaí éadroma leagtha amach agam , anois níl i gceist ach riteoga, scairfeanna, miteoga agus buataisí deasa compórdacha.

É sin ráite táim sásta mar cheapfainn gur í an Fómhar/Geimhreadh an seásúr is fearr liom, cé go mbíonn an mhaidin fuar agus dorcha. Thiocfadh duine ar bith as sin mar gheall ar na héadaí áille, compórdacha cosy a bhíonn ar fáíl. Tugann an méid sin caol díreach go dtí an chéad bhlag eile mé, 'Riachtanais an Gheimhridh'.

Tá cúpla staple a chaithfidh a bheith agat don gheimhreadh. Tosóidh mé ar dtús le miteoga. Feicfidh sibh thíos samplaí de na cinn is mó a tharraing m'aird agus mé ag surfáil liom ar an idirlín.


Ceannaigh Anseo
Ceannaigh Anseo

Sunday, October 4, 2015

Scáileanna an Deirg


Haigh a chailíní, 


Síofra anseo, so tá an Fómhar anseo agus tá an geimhreadh ag teacht buíochas le Dia! Is aoibhinn liom an t-am seo den bhliain mar is féidir linn cótaí, buataistí, riteoga, scairfeanna agus pé rud atá cineál cosy a chaitheamh! 

Thug mé faoi deara go mbeidh an dearg mar cheann de na dathanna is mó agus is stiallmhaire an séasúr seo. Is cinnte go bhfuil cúpla cineál difriúil dearg ann agus is féidir a rá go mbeadh na scáileanna ar fad le feiceáil ar an 'High Street' agus ar ndóigh sna siopaí níos daoire!!

Chuaigh mé ar líne ag cuardach éadaí sa dath álainn seo!

Bain taitneamh as na 'pieces' seo


Ár gcéad chomhdháil mar bhlagálaithe: Irish Blogger Conference Cork

Ar an 24ú de mhí Mhéan Fómhair thug Roseann agus Síofra aghaidh ar Chorcaigh san áit a raibh comhdháil ar siúl sa gClarion do Bhlagálaithe. Is í Fiona ó Event Brite a d'eagraigh an Chomhdháil, spéirbhean agus bean ionsparáideach amach is amach í. D'fhreastail blagálaithe ó cheann ceann na tíre ar an ócáid seo chun níos mó eolais a fháil agus tuairimí a roinnt. Ó tharla gurbh é seo ár gcéad chomhdháil ní raibh clú dá laghad againn céard a bhí amach romhainn ach by dad nach muid atá sásta go ndeachaigh muid, agus muid ag filleadh abhaile níos eolaí. 

Bhí an ceathrar againn le chéile cúpla lá roimh réidh nuair a cuireadh ar an eolas muid go mbeadh an ócáid seo ar siúl níor smaoiníodh faoi dhó. Faraor, ní raibh ar fáil ach beirt againn agus chuir muid na ticéid in áirithe. 

An oíche roimh réidh, bhíomar ag tnúth leis an ócáid ach ag an am céanna thuigeamar go mbeadh an t-úafas daoine aitheantha i saol an bhlagálaithe i láthair. An cinneadh ba mhó a bhí le déanamh againn ná ár gculaith éadaí a roghnú!!

An nóiméad a d'oscail Jamie Tuohy a bhéal bhí gach duine sa seomra sna tríthí gáire. Bhí sé mar 'host' iontach!

Saturday, October 3, 2015

Éist le comhairle ó gach duine ach déan do chomhairle féin ;)

Tá sé in am againn a dhul ag caint faoi uaireadóirí! Bhuel, nílim chun mórán cainte a dhéanamh, ach cúpla pictiúr a thaispeáint díobh do mo chuid uaireadóirí féin agus cinn a bhfuil mo shúil agam orthu ;) 

Aon duine a bhfuil suim acu in uaireadóirí is dócha gur chuala siad faoin Daniel Wellington, is álainn an t-uaireadóir é! Breathnaíonn sé beagáinín fearúil ach sin é an rud is mó is maith liomsa faoi: 


Tá neart ceanna difriúil le fáil, le beilt éagsúil orthu, ach seo é an ceann is fearr liomsa: Is aoibhinn liom go bhfuil an snáthaid gorm, mionsonra, ach is deas é! 


Tá an post saor in aisce: $199: thart ar 177  
(tá siad le fáil ar www.asos.com freisin, ach tá siad i bhfad níos daoire ar) 

Sampla eile den Daniel Wellington is ea iad seo, is féidir an bheilt a athrú orthu:

Téann siad go hálainn le seodra freisin:

Muna bhfuil tú ag iarraidh an méid sin airgid a chaitheamh amach ar uaireadóir ach más maith leat an stíl, chonaic mé an ceann seo ar www.asos.com atá an-chosúil leis an gceann dubh atá ag Daniel Wellington:

'Breda Classic Leather Band Watch' 69.67: ar fáil ar www.asos.com

Duine ar bith a bhfuil aithne acu ormsa, tá's acu gur cineál 'magpie' mé. Cúpla bliain ó shin bhí mé sa phictiúrlann ag breathnú ar an scannán 'The Blind Side' agus thug mé faoi deara go raibh Sandra Bullock ag caitheamh uaireadóir álainn bán le linn an scannáin, nuair a chuaigh mé á lorg, cheap mé i dtosach gur Chanel J12 an cineál a bhí ann, agus ba bheag nár thit an dá shúil amach as mo chloigeann nuair a chonaic mé an praghas a bhí air!!! Ach a chairde céard a bhí ann ach an branda 'Toywatch', comhlacht Iodálach! Tá sé agam ó shin, agus téann sé le gach uile rud, agus má tá dath bréige ort, is amhlaidh is deise é! 


Uaireadóir eile a cheannaigh mé agus caithfidh mé a rá go bhfuair mé an-mhargadh go deo air ná ceann ó Marc Jacobs. Bhí mé i Nua Eabhrac an Nollaig seo caite agus chuaigh mé amach go háit dárbh ainm 'Jersey Gardens', ionad siopadóireachta le hearraí ar lascaine ar fad. Bhí an t-uaireadóir seo feicthe agam i Macys agus bhí sé sách daor ach i ndeireadh na dála cheannaigh mé é ar $87 i 'The Watchstore'! An-mhargadh go deo! Caithim beagnach chuile lá é agus an rud faoi ná uaireanta breathnaíonn sí dubh, laethanta eile liath agus ag brath ar an solas bíonn sí corcra amanna eile! 

Tá lascaine 30% orthu ar suíomh Marc Jacobs i láthair na huaire :)

Roinnt samplaí eile: 





Uaireadóir ó chomhlacht Sasanach a cheannaigh mé anuraidh ná ceann ó Olivia Burton Tá siad thart ar 100 an ceann: Caithfidh mé a rá go mbeadh sé éasca an lá a chaitheamh ag breathnú ar a suíomh idirlíne, tá a gcuid uaireadóirí an-'elegent' go deo. Sa deireadh bhí mé idir ceann le strapa oráiste nó donn mar sin cheannaigh mé an ceann donn, cheap mé go ngabhadh sé le níos mó de mo chuid éadaí, ach más duine thú ar maith leat dath agus féileacáin, téigh ar a suíomh go bhfeicfidh sibh iad. Tá siad le fáil ar www.asos.com freisin, agus má fhanann tú go dtí mí Eanáir bíonn sladmhargadh maith acu orthu go hiondúil:
Téigh go http://www.oliviaburton.com chun do dhath a roghnú, tá an ceann seo 110



Ádh mór ag iarraidh ceann acu seo a phiocadh amach- téigh ar  https://instagram.com/oliviaburtonwatches/ le breathnú orthu! 

Anois ní gá do dhuine a dhul chomh daor le huaireadóir mar seo, má théann tú ar shuíomh www.newlook.ie agus www.asos.com, tá uaireadóirí áille ann agus ní bheidh tú fágtha le póca folamh ná cloigeann tinn :P
'Asos Sleek Large Face Watch' 14.99 ar fáil ar www.asos.com

Tá mé ag ceaptha go raibh Santaí go maith d'fhormhór na mban sa tír seo anuraidh agus go bhfuair an t-uafás againn uaireadóir Michael Kors, níl a fhios cé mhéad acu a fheictear ar mhná na hÉireann, cheapfainn mar gheall go bhfuil siad ag an oiread sin daoine nach bhfuil leath an oiread tóir orthu níos mó, ach é sin ráite, tá siad chomh daor céanna i gcónaí. Chonaic mise ceann álainn le dath turcar, caithfidh mé a rá gurb shin é an dath is fearr liom ar aon nós, ach tá sé go hálainn: 
$175 ar www.michaelkors.com

Ceann cosúil leis: 'Metallic Digital Display Watch19.95 ar fáil ó www.forever 21.com

 

Tá an ceann seo ó Newlook an-chosúil le huaireadóir ó Michael Kors, níl sé ach €28! 

Téigh go Armani le haghaidh uaireadóirí a fheiceáil freisin: 
'Colour Collection Watch'- 149 euro

Tá uaireadóirí áille ar fáil ó Fossil agus tá an-cháil orthu le hardchaighdeán freisin, cúpla sampla do chinn deasa anseo: 
'Original Boyfriend Chronograph Leather Watch' $135.00 ar fáil ó https://www.fossil.com

'Celine Multifunctional Stainless Steel Watch'- $185.00 ar fáil ar https://www.fossil.com


Comhlacht eile a bhíonn uaireadóirí deasa acu ná Guess
Tá an ceann seo go deas, is breá liom an dath! 'W057'  €189 ar fáil ó www.guess.com 



Uaireadóirí dóibh siúd a bhíonn ag rith: 


    €129.99 ar fáil ó www.argos.ie                  199.90 ar fáil ó www.polar.com

Súil agam go dtaitneoidh sé seo libh!

Gearóidín X