Friday, October 9, 2015

Riachtanais do Vardrús

Go mbeannaí Dia dhaoibh arís a chairde.

Aisling libh anseo. Tá mé le bheith fírinneach libh anois, faoi láthair agus mé i mbun an bhlag seo tá mé suite síos ar an tolg, tá mo 'dressing gown' mór dearg orm le stocaí fluffy ó Penneys agus tá tine mhór mhillteach thíos ag Mam dom, nach orm atá an t-ádh!!!

Ach a mhaighdeán nach é atá faighte fuar le seachtain anuas? Seachtain ó shin agus mé ag pleanáil mo chuid éadáí don scoil bhí na 'wedges' agus éadaí éadroma leagtha amach agam , anois níl i gceist ach riteoga, scairfeanna, miteoga agus buataisí deasa compórdacha.

É sin ráite táim sásta mar cheapfainn gur í an Fómhar/Geimhreadh an seásúr is fearr liom, cé go mbíonn an mhaidin fuar agus dorcha. Thiocfadh duine ar bith as sin mar gheall ar na héadaí áille, compórdacha cosy a bhíonn ar fáíl. Tugann an méid sin caol díreach go dtí an chéad bhlag eile mé, 'Riachtanais an Gheimhridh'.

Tá cúpla staple a chaithfidh a bheith agat don gheimhreadh. Tosóidh mé ar dtús le miteoga. Feicfidh sibh thíos samplaí de na cinn is mó a tharraing m'aird agus mé ag surfáil liom ar an idirlín.


Ceannaigh Anseo
Ceannaigh Anseo


Ní féidir gan scairfeanna(nó cape) a bheith agat i do vardrús do na laethanta gearra fuara atá amach romhainn agus arís coinnigh do shiúl amach do dhathanna an tseásúir.

Ceannaigh Anseo

Ceannaigh Anseo

Ceannaigh Anseo



Le cúpla seachtain anuas tá muid ag feiceáil na buataisí a théann suas chomh fada leis na glúine. an rud is fearr fúthú seo ná gur féidir stocaí te teolaí a chaitheamh taobh istigh dóibh. Arís cúpla péire stocaí a thaitin liom.

Rud amhaín  eile sula bhfágfaidh mé agaibh é. Do chuid cluasa, deirtear má bhíonn do chluasa fuar go mbeidh an chuid eile díot fuar. Mar sin nach cute iad na hear muffs seo a roghnaigh mé??? Ní hamháin go mbeidh do chuid cluaisíní te ach breathnóidh tú 'chic' iontu.Tá cúpla hata deas feicthe agam freisin, ní féidir gan an Fedora a luaigh. Tá sé ar nós leathair, ní ghabhfaidh sé amach as faisin go deo cheapfainn.

Sa chéad chúpla phictiúr eile thíos níl iontu ach cúpla accessory eile a d'fhéadfá a chaitheamh. Uaireanta bíonn sé deacair éadaí a phiocadh amach agus ní hé chuile lá a mbíonn fonn ort gléasadh suas, bhuel do na laethanta sin, céard faoi rud éicint a chuir i do chyuid gruaige? Nó b'fhéidir an mála 'duffel' seo a chrochadh leat ar do dhroim? Nó mura seans ceart agat do ghruaig a níochán céard faoi an banda fur seo? Tugann accessories seans seasamh amach agus cuireann sé go mór le do chulaith.
Tá sé in am agam slán a fhágáil agaibh a chairde (leanfainn orm ach níor mhaith liom néal codlata a chuir oraibh) Déan cinnte go n-inseoidh sibh dúinn céard a thaitin libh ó mo rogha thuas agus má fheiceann sibh tada a thaitneodh liom cuirigí pictiúr agam.

Tá mé dhul ag leanacht orm ag surfáil ar an idirlin. (Rinne mé an lotto, b'fhéidir go mbeidh agam fós agus nach ag brionglóidí ar éadaí, bróga, cótaí srl. a bheidh mé)


Ní bheidh sé i bhfad arís a chairde,

Bain taitneamh as,
Aisling xxx















No comments:

Post a Comment