Sunday, December 20, 2015

Riteoga Le Glam

Haigh a chairde,

Síofra anseo arís! Agus an t-am seo, ábhar an bhlag an Domhnach seo ná riteoga le patrún iontu nó 'patterned tights' mar is fearr aithne orthu! Níl sé chomh fuar faoi láthair ach is cinnte go mbeidh riteoga ag teastáil uair éigin i rith an gheimhridh seo nó roimh an tsamhraidh ar a laghad!! Sooo, shíl mé go mbeadh riteoga atá cineál níos jazzy nó níos suimiúla ag teastáil uaim! So chuardaigh mé riteoga ar líne agus cheannaigh mé cúpla péire ó River Island agus mytights.com agus táim chun iad a theaspáint daoibh anseo!





Wednesday, December 16, 2015

Pitseámaí na Nollag

Dia dhaoibh a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh? An gcreideann sibh go bhfuil an bhliain beagnach thart? Agus nach é atá imithe sciobtha! 

Tá mé ar ais libh inniu le blag eile faoin Nollaig agus ceann de na rudaí is deise liom faoin Nollaig. Níl tada níos fearr liomsa ná pitseámaí nua a fháil/a cheannach. Tá traidisiún beag agam féin agus mo dheirfiúracha, gach uile bhliain ceannaímid pitseámaí nua agus ansin Oíche Nollag tar éis an Aifrinn cuireann muid orainn iad agus níl tada níos deise. D'fhéadfainn an lá uilig a chaitheamh iontu Lá Nollag. Mar sin do mo bhlag deireanach i 2015 tá mé ag cur cúpla sampla deas pitseámaí le chéile díobh. Bheidís go deas a bheith i stoca Santaí i gceann seachtaine ;) 




Saturday, December 12, 2015

Geansaithe Glam don Nollaig :)

Dia dhaoibh a Ghlams, cén chaoi a bhfuil sibh? An bhfuil sibh chomh excited liomsa agus maisiúcháin, siopadóireacht, ceannach agus ullmhú na Nollag faoi lán seol? Is gearr anois go mbeidh sé in am na geansaithe agus na gúnaí Nollag a tharraingt amach arís :) Nó má tá sibh ag smaoineamh ar gheansaí nua a cheannach, beidh sibh sásta leis an mblag seo. Sa mblag seo beidh mé ag díriú ar gheansaithe Nollag do mhná agus d'fhir. Uiareanta déanann muid desrmad ar na fir ach ná bí buartha smaoinigh mise oraibh anocht!!!

AGUS!!!! Má tá madra beag agat ní dhearna mé dearmad air nó uirthi sin ach oiread. An tseachtain seo caite chuir mé suas 'Meme' ar Facebook. Séard a bhí ann ná pictiúr de 'Pug' agus 'Pug Mo Thóin scríofa air. Fuair sé an oiread airde agus nuair a chonaic mé an culaith seo don mhadra, bhí orm a chuir isteach. Nach bhfuil sé ar cheann de na rudaí is deise dá bhfaca tú riamh agus ní bean mór ainmhí mé, cé go bhfuil mé ag iarraidh 'mada beag bán' nuair a bhogfaidh mé isteach i mo theach nua ach ní ligfidh sé fhéin cead dhom (ach tá mé ag obair air). 


Wednesday, December 9, 2015

Is maith an t-anlann an t-ocras!! "Sweet treats" don Nollaig xx

Beannachtaí na Nollag dhaoibh a chairde, Roseann anseo!!

Mar atá s'agaibh faoin am seo tá grá agam don chócaireacht agus níl dabht faoi ach go bhfuil bacáil rudaí milse ar bharr an liosta.  Ag an scoil faoi láthair tá mo chuid scoláirí ar bís le tús a chuir le cócaireacht na Nollag agus caithfidh mé a rá is breá liom é!! Níl tada níos fearr ná cruthaíochas an ghlúin óig a fheiceáil sa seomra ranga. Agus níos fearr fós is leithscé é na hamhráin Nollag a chuir ar siúl, bíonn "an Fairytale of New York" agus "Snow is Falling" le cloisteáil go gealach an cúpla seachtain seo :)


Ó thosaigh mé mo ghairm sa mhúinteoireacht tíos is cinnte gur breá liom leithscéal ar bith roinnt cócaireachta a dhéanamh do chairde agus gaolta agus níl aon am níos fearr ná an Nollaig! 

Friday, December 4, 2015

Cuir an Glam i do Chulaith an Nollaig seo x

Cén chaoi a bhfuil sibh a chairde?

Bhuel tá an Nollaig ag fáil níos gaire agus níos gaire, go bhfóire Dia orainn agus gan tada déanta agam fós! Aon uair a bhuaileann fonn siopadóireachta mé, is dom féin a théim ag ceannach!

Ar aon nós....

Cúpla smaoineamh agam thíos díobh ar cén chaoi ar féidir linn ár gcuid feistis a bheith 'glam' an séasúr seo.  Mar atá a fhios ag go leor daoine fúmsa, is breá liom mo chuid slabhraí. Is féidir leo cur le haon chulaith, ó t-léine simplí bán go gúna beag dubh, is féidir iad a ghléasadh suas le slabhra. Rud amháin a dhéarfainn libh, ná, má tá tú ag ceannach slabhra, ceannaigh ceann a ghabhfas le cúpla culaith!

Seo cúpla ceann atá agamsa, cruinnithe le chéile thar na mblianta!




Wednesday, December 2, 2015

Síoda- Oiche Oscailte: Gruaig, Smidiú agus Táirgí Áilleachta!

Bhí oíche oscailte ag Síoda ar an Spidéal ar an Déardaoin, an 26ú Samhain agus thug mé féin, Gearóidín agus Roseann ár n-aghaidh soir chuige. Bhí na ticéid ceannaithe againn roimh ré agus muid ar bís faoin oíche spraoúil a bhí amach romhainn.