Sunday, December 20, 2015

Riteoga Le Glam

Haigh a chairde,

Síofra anseo arís! Agus an t-am seo, ábhar an bhlag an Domhnach seo ná riteoga le patrún iontu nó 'patterned tights' mar is fearr aithne orthu! Níl sé chomh fuar faoi láthair ach is cinnte go mbeidh riteoga ag teastáil uair éigin i rith an gheimhridh seo nó roimh an tsamhraidh ar a laghad!! Sooo, shíl mé go mbeadh riteoga atá cineál níos jazzy nó níos suimiúla ag teastáil uaim! So chuardaigh mé riteoga ar líne agus cheannaigh mé cúpla péire ó River Island agus mytights.com agus táim chun iad a theaspáint daoibh anseo!










Is aoibhinn liom féin an dath dubh! Agus aon uair a théim ag siopadóireacht  bíonn sé de nós agam rudaí dubha a phiocadh suas gúna, nó top! Bheadh péire riteoga le patrún de shaghas éigin an-ghlam le gúna nó sciorta dubh!




                                        Ceannaigh Anseo





                                        Ceannaigh Anseo

Tá súil agam go bhfuair sibh cúpla smaoineamh ón mblag seo a chairde! 

Beidh mé ar ais arís tar éis na Nollag! 

Slán go fóill, 

Síofra xxx









No comments:

Post a Comment