Friday, April 29, 2016

Slán Siúcra

Hello glams,

So tá an blag seo cineálín difriúil. Shocraigh mé blag a scríobh ar an dochar a dhéanann siúcra dár gcoirp mar tuigim na héifeachtaí ar fad!! Dar leis na saineolaithe  is é siúcra ceann de na handúile is deacra a shárú.

Is 'chocoholic' amach is amach mé. Is aoibhinn liom Dairy Milks, Giant Buttons, purple Snack bars agus Nutella dár ndóigh!!


Ach ag an am céanna, ní oireann déirí liom ar chor ar bith. Bíonn tinnis cinn lofa orm nuair a ithim an iomarca siúcra. Thuig me gur b'eigean dom rud eigean a dhéanamh faoin 'addiction' sin ach céard is féidir liom a dhéanamh chun deireadh a chur leis an habit sin?



Wednesday, April 27, 2016

Anois teacht an tsamhraidh... Bí aclaí agus faiseanta!

Bhuel a Ghlams,

Níl muid anois ach i  bhfoiseacht cúpla seachain ón samhradh agus is dóigh go bhfuil muid ar fad ag déanamh iarrachta a bheith sláintiúil agus aclaí. Uaireanta bíonn sé seo sách deacair, go háirithe má chailleann tú amach ar rang amháin aclaíochta, is féidir leis thú a chur go hiomlán as riocht.

É sin ráite níl tada níos fearr ná an mothú sin a fhaigheann tú tar éis rang maith a bheith déanta agat. Tá mise ag déanamh ranganna Body Attack agus Body Pump anois ó mhí Mhéan Fhómhair agus caithfidh mé a rá, táim ag baint taitnimh astu.(cé go mbím ag iarraidh leithscéalta a fháil uaireanta gan dul ag rang)

Tá aclaíocht go maith do do shláinte, go fisiciúil, chomh maith leis an intinn. Go háirithe agus muid i gcónaí chomh gnóthach inár saoil. Cabhraíonn na ranganna seo liomsa fáil réidh le haon teannas nó strus :)

An blag atá agam an tseachtain seo éadaí giom. Cé nach mbíonn faisean ar d'intinn agat agus tú ag dul ag rang, fós tá sé go deas bróga reatha compóradacha chomh maith le héadaí giom cearta(agus deasa) a bheith ort. Tá an t-uafás roghanna ann na laethanta seo agus tá sé deacair péire bróga reatha a roghnú leis na cinn áille atá ann. Tosóidh mé leo sin ar dtús mar sin:

Ceannaigh

Ceannaigh
Ceannaigh

Ceannaigh




Sunday, April 24, 2016

Stila Vs Estee Lauder

Dia daoibh a chairde, 

Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith. Má leanann sibh ar Snapchat muid, is dócha go bhfaca sibh go raibh muid ag oíche le Stila i gCnoc na Cathrach, Dé hAoine seo caite. 

Tá mise ag caitheamh an foundation céanna (Estee Lauder Double Wear Light) le blianta fada agus is cuma cé mhéad uair a athraíonn mé uaidh, bíonn aiféala orm agus ní fada arís go mbím ar ais chuige arís. Deirtear liom i gcónaí go bhfuil sé fíor-dhona ag craiceann atá tirim, rud atá agamsa agus nár cheart dom é a úsáid mar go dtriomaíonn sé amach an craiceann. Is dócha go bhfuil sé an-oiriúnach do chraiceann a bhíonn beagáinín ola ann. Ar aon nós caitheann mise é agus tá línte chuile áit agam, faoi mo chuid súile agus ar mo bhaithis ach go háirithe.
So aréir nuair a bhíomar ag an ócáid Stila dúirt na cailíní álainn a bhí ag obair istigh ann go raibh foundation acu 'Stay All Day' agus go raibh sé fíor-chosúil leis an Double Wear! Chomh maith leis sin, ba le Estee Lauder an comhlacht Stila ar feadh píosa freisin. 

Wednesday, April 20, 2016

Cultúr, Bia agus an saol i Dubai.. Cuid a dó

Dia Dhaoibh Glams,

Bhuel mar a dúirt mé i mo bhlag deireanach, bhí an oiread le rá agam libh faoi Dubai, mar sin Fáilte romhaibh go dtí Dubai..cuid a dó!!

Sular thug mé aghaidh ar an tír ghleoite, bhí roinnt rudaí nach raibh ar eolas agam maidir leis an gcultúr, tá me chun an deis seo a thapú an t-eolas seo a roinnt ionas go mbeidh sibh níos eolaí ná mar a bhí mé féin agus sibh ag smaoineamh aghaidh a thabhairt uirthi.

Mná agus a gcuid éadaí!
Seo'd an deacracht ba mhó a bhí agam nuair a bhí mé ag pacáil don turas seo! Céard a thabharfainn liom? éadach thar an nglúin, sciortaí fada nó sciortaí gearra, geansaithe nó t-léinte, an ngléasfadh mé suas nó an ngléasadh mé síos!  Is cultúr dhifrúil í an chultúr araibeach agus bhí mé beagánín neirbhíseach roimh réidh, ACH ní raibh gá ar bith leis!! Seo mar a bhí cuid de na rialacha maidir le héadaí agus cuid de na culaith a chaith mé féin!




Má bhíonn tú in áit phoiblí ba chóir duit do ghuaillí a chlúdú, feicfidh tú comharthaí sna hionad siopadóireachta ar nós an ceann seo;


Thursday, April 14, 2016

Mo mhála beag draoíochta!

Hello glams.. Síofra anseo!

Don bhlag seo ba mhaith liom na tairgí atá i mo mhála smidiú a roinnt libh! 
Is aoibhinn liom smidiú. Nílim go han-mhaith ag 'contouring' nó 'baking' nó aon rud mar sin ach taitníonn smidiú agus cúrsaí áilleachta go mór liom.




An chéad rud a chuirim ar m'aghaidh tar éis mo moisturiser ná mo SPF. Tá sé riachtanach go n-úsáidtear SPF gach uile lá fiú sa Gheimhreadh. Úsáidim an ceann seo ó Jan Mairini - labhair mé faoin táirge iontach seo cheana ach caithfidh mé a rá nach bhfágaim an teach gan é! Ceannaím é in The Beauty Quarters in Oran Mór i nGaillimh. 

 

Saturday, April 9, 2016

Róthe do na Buaitaisí Móra agus Rófhuar do na sandals....

Haigh a Ghlams,

Bhuel tá an chéad tseachtain ar ais curthe din again agus caithfidh mé a rá ní raibh sé ró-dhona. Tá méthar a bheith sásta anois agus mé ar ais i routine.  Chabhraigh gile an lae leis sin freisin cheapfainn, tá muid ag dul ar scoil agus an lá geal agus muid ag teacht abhaile agus é fós geal, déanann sé an t-uafás difríochta.
Tá blag na seachtaine seo ar na ‘wedge trainers’. Agud muid ag déanamh isteach ar an samhradh anois, is gearr go mbeidh na buaitaisí móra á gcaitheamh go leataobh (tá súil agam) go ceann cúpla mí. Ach breathnaigh ar na cinn áille a chonaic mé:



Cé nach bhfuil an samhradh i bhfad uainn , fós tá sé beagán ró-fhuar na wedges agus na sandals a tharraingt amach agus mar sin seo hiad an rogha is fearr idir an dá linn.
Cheannaigh méfhéin péire acu an samhradh seo caite, chonaic mé ar an suímh willow.ie iad. Cinn álainn ór agus fuair mé ar leathphraghas iad, ní fhéadfainn iad a fhágáil i mo dhiaidh, seo pictiúr dóibh thíos(tá said agam le bliain agus iad caite go maith agam.)

Wednesday, April 6, 2016

Daltaí na hArdteiste- Cabhair don Bhéaltriail

Dia daoibh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar dhaltaí na hArdteiste. Tá muid anois beagnach seachtain/coicís ó na béaltrialacha Gaeilge (ag brath ar cén áit sa tír ina bhfuil tú) agus is iomaí dalta amuigh anois a bhfuil ag cailleadh codladh na hoíche mar gheall ar an scrúdú beag (15 nóiméad) seo! 

Ar nós a dúirt mé ansin- is scrúdú beag é seo cé go bhfuil an t-uafás marcanna ag dul dó. (40 % ach táim cinnte go bhfuil sé seo ar eolas agaibh cheana féin).

So céard atá i gceist leis an scrúdú seo mar sin?

Tá 4 chuid sa scrúdú: 
1. An Fáiltiú (5 mharc)
2. Léamh na Filíochta (35 marc)
3. An tSraith Pictiúr (80 marc)
4. An Comhrá (120 marc)

Friday, April 1, 2016

Taistealaí Dubai arais ar thalamh na hÉireann: Cuid a haon!!!

Bhuel níl cliú agam cá dtosóidh mé leis an mblag seo agus tá seans go mbeidh orm é a roinnt ina dhá chuid mar tá an oiread sin le rá agam libh! Ach ar dtús déarfaidh mé WOW WOW WOW!!!!!! DUBAI an chuid den UAE is deise dár leag mé mo dhá shúil ar riamh!!!

Níl a s'agam an cuimhin libh an blag a scríobh mé ag tús na bliana faoi níos mó taitnimh a bhaint as eispéaras éagsúla an tsaoil in ionad a bheith ag ceannacht rudaí ábhartha, mar sin ghlac mé le mo chomhairle féin agus seo mar a chaith mé an saoire seo; ag baint taitnimh as áilleachtaí an domhain sa chathair dhraíochtúil seo.





Tá sé socraithe agam cur síos a thabhairt daoibh ar na radharcanna agus na gnéithe turasóireachta ar fad a thug muid cuairt orthu le seachtain bheag anuas! Cé go dteastódh mí uait é a fheiceáil ina cheart (is leiscéal domsa é sin dul arais arís, ár ndóigh). Tabharfaidh mé cur síos daoibh ar gach a rinne muid!

Sular fhág muid Éire an t-aon rud a chuir muid in áirithe don tseachtain ná Tae Beag san Burj Al Arab an t-aon óstán seacht réalt ar domhan.  Bhí costas thart ar €150 euro an duine ar an tae ach caithfidh mé a rá gur bfhiú é. go mór mór mar go bhfuair muid bord díreach ag an bhfuinneog.  (é sin ráite mura raibh an bord gar don fhuinneog níl a s'agam an mbeadh mé chomh sásta céanna).  Bhí an foirgneamh é féin dochreidte ná bac leis an mbia a bhí ar fáil don tae. Bhí 27 urlár san fhoirgneamh seo agus má fheiceann sibh an dronuilleog ag gobadh amach ó bharr an fhoirgnimh sa phictiút thíos: sin é an bhialann.  Tá cuid mhaith den fhoirgneamh déanta as ór buí agus feictear é seo i gcuid de na pictiúir thíos freisin.  Chaith muid roinnt ama i suite san óstán freisin.  Dá mbeadh an lotta buaite agam d'fhanfainn san óstán seo ar feadh míosa.  Níl dabht ar bith ach gur é seo an highlight a bhí ann don tseachtain.





Friday, March 18, 2016

Ullmhúcháin Bainise!

Hello glams,

Sooo, mar is eol daoibh ag an bpointe seo táim ag fáil pósta an bhliain seo chugainn.  An seachtú lá de mhí Aibreán 2017 chun a bheith níos soiléire!!

Níl ach bliain agam chun gach rud a ullmhú ach caithfidh mé a rá, ní cheapaim go mbeadh níos mó ama ag teastáil uaim. Taitníonn ullmhúcháin de chuile shórt liom agus mar sin táim ag baint an-taitneamh as na hullmhúcháin go léir. Tá na rudaí móra déanta agam; mar shampla tá banna ceoil agus griangrafadóir piocaithe agam. Beidh Sandra Gillen Makeup Artistry ag déanamh ár smidiú agus beidh Natalie O'Brien Bridal Hair ag déanamh ár ngruaig.

Tá cara liom Niamh O'Donovan ó Simple Styling ag obair mar 'Stylist' liom. Is dearthóir tí í agus is stílí í freisin. Tá an t-uafás taithí aici ag obair ar ócáidí móra timpeall na tíre agus táim ag tnúth leis an obair a dhéanfaimid le chéile i rith na bliana.

Tá cúpla smaoineamh againn don téama bainise ach taitníonn an 'Rustic theme' go mór liom. So é sin ráite táim chun cúpla ceann de na smaointe atá againn a roinnt libh!! Is aoibhinn liom 'burlap' agus labhandar freisin. Chomh maith leis sin is breá liom na bláthanna 'Baby's Breath'. Táim ag caitheamh an iomarca ama ar Pinterst agus Etsy agus tá go leor smaointe le fáil orthu seo. Tá gach pictiúr sa bhlag seo faighte ó Pinterest.


    

Wednesday, March 16, 2016

20 táirge áilleachta faoi 20

Hello Glams,

Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar tháirgí saora. Tá sé deacair na laethanta seo fios a bheith agat céard le ceannach agus an méid sin daoine amuigh ansin ag rá ceannaigh é seo is é siúd agus ansin caitheann tú lán laidhre ar rud eicínt agus ní maith leat é ar chor ar bith!

Le cúpla bliain anuas ní cheannaímse na palettes is déanaí nó an smideadh is costasaí (cé go gcaithim Estée Lauder chuile lá), is maith liom rudaí a thriail amach, ó thaobh lipsticks agus eyeshadows di, agus ansin má cheapaim go mbeadh suim agam rud éicínt a dhéanamh ar nós an contouring nó rud éicínt seans go gceannóidh mé táirge níos costasaí. É sin ráite is minic nach iad na rudaí is costasaí na cinn is fearr! Thíos anseo mar sin tá cúpla táirge a bhfuil úsáid bainte agam astu:

Don chraiceann:

1. Tá 'crows feet' fíordhona agamsa, agus ceapaim mar go mbím ag cur straoiseanna aisteacha orm féin. Mar sin le déanaí thosaigh mé á úsáid seo. Tá sé cloiste agam go bhfuil vitamín E iontach don chraiceann. Tá sé seo le fáil sa 'Body Shop' ar 9.90.


2. Cúpla mí ó shin bhí mo chraiceann chomh tirim le leathair agus chuaigh mé isteach agus cheannaigh mé an Moisturizer seo ó La Roche Posse. An rud is fearr liom faoi ná go dtriomaíonn sé isteach i do chraiceann  an-sciobtha mar sin ní gá duit a bheith ag fanacht le píosa fada sula gcuireann tú ort do chuid smideadh. 
                                  Le fáil anseo ar  17.59 

3. Má chuireann spotaí as do dhaoine, níl ach táirge amháin ag teastáil uaibh agus sin Sudocream. Uaireanta faigheann mise spota nó dhó agus ní gá dom ach beagáinín Sudocream a chuir air agus mé ag dul a chodladh san oíche agus oibríonn sé iontach. Is é an rud is tábhachtaí ná gan an iomarca a úsáid! 

Saturday, March 12, 2016

Cursaí Ti- Ní bheidh aon tinteán mar mo thinteán féin :)

Ó Glams!!!!! is deas suí síos agus blag a scríobh agus sos intinne a fháil ó chúrsaí tithe, péint, úrláir, leithris, soilse, doirse, fuinneoga, tiles.... agus d'fhéadfainn coinneáil orm!!
D'inis mé daoibh i mo bhlag ag tús na bliana go raibh teach á thógáil agam (yep mise ag tógáil tí) agus an plean atá agam inniu ná roinnt smaointe agus ionspráide a thabhairt daoibh ó thaobh cúrsaí tí.

Ar an gcéad dul síos mura bhfuil sibh ar 'Pinterest, leag síos an fón nó an ríomhaire, faigh d'fhón agus íoslódáil é ANOIS!!
Caithfidh mé a rá go bhfaighim an t-uafás tips beaga ó seo agus is aoibhinn liom é. Is iomaí maidin a bhíonn néal orm mar gheall gur chaith mé uaireanta an chloig ag scrolláil.
Ach wow tá an t-uafás i gceist le tógáil tí, now ná ceap nach bhfuilim ag baint taitnimh as mar tá ach nuair atá dhá chineál doras a thaitníonn leat agus ní féidir leat ach ceann a cheannach, tá sé deacair.


Thursday, March 10, 2016

An bhfuil tú mar aoi ag bainis i mbliana? Cuir tús leis an bPrep anois!

Bhuel níl aon leigheas ar an áilleacht ach an t-ullmhúchán!! Tá tús curtha le seasúr na mbainise domsa agus nach mé atá sásta go bhfuil mo bhainis féin curtha díom agam agus go bhfuil mé anois in ann seasamh siar agus sásamh a bhaint as an lá speisialta sin a bhíonn ag mo chairde!

Is breá liom féin a bheith eagraithe do bhainis agus go mór mór is maith liom iarracht a dhéanamh dóibh siúd a thug mar onóir dúinn freastal ar ócáid chomh speisialta!

So seo mar atá, inniu an Luan agus tá tús curtha leis an bprep! Ta mé ag scríobh an bhlag seo chun léargas bheag a thabhairt daoibh ar na cinntí deacra sin a bhíonn le déanamh ag mná d'ócáidí éagsúla ar nós bainis! Do na fir atá á léamh tabharfaidh sé seo tuiscint daoibh ar cé chomh heasca is atá rudaí agaibh!!

An GÚNÁ!!!

Bhuel don bhrídeog tá sé seo tábhactach ach ceapaim go bhfuil sé chomh tábhactach céanna dom féin mar aoi ag bainis.

Cheannaigh mé an gúna seo i Willow, in Inis Co. an Chláir! Costas €165 a bhí ar ach caithfidh mé a raibh go bhfuil an caighdeán atá ann do-chreidte! Bhí na mná a bhí sa siopa chomh deas agus cabhrach bhí fonn orm tuilleadh a cheannach dá mbeadh na funds agam!!

Is branda Éireannach atá sa ghúna "Ella Boo".  Tá saghas na ngúnaí an-mhaith agus níl fit ró-bheag acu (seo í  an fhadhb a bhíonn agam leis an siopadóireacht ar líne go minic)


Saturday, March 5, 2016

Gúnaí gan guaillí ó ASOS!

Hello glams, Síofra anseo! Cén chaoi a bhfuil sibh?

Ní chreidim gur thosaigh mí an mhárta cheana féin.. beidh saoire na cásca againn i gceann tamaillín!! Agus táim ag tnúth leis!

So don bhlag seo táim chun gúnaí gan guaillí a thaispeaint daoibh! Tá bainis agam i mí Aibreán agus beidh orm gúna nua a fháil dó.. agus nílim ag gearán faoi sin!!  Thosaigh mé mo shiopadóireacht ar líne agus is cosúil gur iad na gúnaí gan guallí ceann de na trends is mó don earrach. Bhí siad feicithe ar na catwalks go léir ag Givenchy, Jason Wu agus Derek Lam!

Anois, ní cheapaim go mbeinn in ann iad a chaitheamh mar (silím féin ar aon nós) go bhfuil guaillí an-leathan agamsa! Ach, táim chun triail a bhaint astu agus, ní fios, b'fhéidir go mbeadh ionadh orm!!



So seo hiad na cinn is deise ar ASOS i mo thuairim féin!!





Wednesday, March 2, 2016

Fiacla Nua......Tá Súil Agam :)

Hi a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh ar fad? 

So, níl a fhios agam an bhfuil sé tugtha faoi deara agaibh, ach shílfeá go bhfuil Braces ar chuile dara duine na laethanta seo! Agus má leanann sibh ar Snapchat muid tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil mise ar dhuine acu anois!!! 

Monday, February 29, 2016

Aisling agus an Smidiú- cogadh marfach :)

Dia dhaoibh a ghlams, tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus a mhúinteoirí agus a dhaltaí tá súil agam go raibh sos deas agaibh an tseachtain seo caite.


Tá blag na seachtaine seo thar a bheith spéisúil domsa mar an t-ábhar atá agam ná smidiú. Gan aon dabht tá Roseann, Síofra agus Gearóidín i bhfad níos eolaí nuair a thagann sé ag smidiú. Tá an oiread cainte cloiste agam ar 'contour', ar 'palettes', ar 'HD brows' agus chuile shórt mar sin agus le bheith fírineach libh, níl clue dá laghad agam. Breathnaigh thíos na táirgí a gheobhaidh sibh i 'mo mhála smidiú'.


An bhféadfadh mo mhála a bheith níos bunúsaí?? Ní cheapfainn é. ACH!!!!!!! Fan go gcloisfidh sibh é seo!! Rinne mé fhéin agus mo chuid Glams cúrsa smidiú le 'Inglot' I nGaillimh inné ón 12-5 agus tá mé i mo phro anois.