Wednesday, January 27, 2016

Pláta Pancóga Blasta do Lá na bPancóga

Haigh,

Tá súil agam go bhfuil an bhliain nua ag dul go maith daoibh? Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil Mí Eanáir beagnach imithe agus go bhfuil muid anois ag tabhairt aghaidh ar an gCáisc, an gcreideann sibh go bhfuil na huibheacha cásca ar fud na háite cheana féin!!!!

Ach roimhe sin tá lá níos tábhachtaí fós....Lá na bPancóga; An t-aon lá den bhliain a itheann muid an méid is mó pancóga agus is féidir linn gan an dara smaoineamh a thabhairt dó.  Anois agus mé i mbun m'aiste bia sláintiúil (agus mé ag súil go mairfidh sé) tá mé ag baint trial as roinnt oidis dhifriúla an mhí seo.  Bhí Síofra ag caint faoi na pancóga proitéin a dhéanann sí féin agus mar gheall ar sin chuaigh mé i mbun taighde go bhfeicfinn cén saghas oidis eile atá amuigh ansin do "Pancake Lovers" nós mé féin! 

Scaoilfidh mé isteach sibh ar rún beag roimh réidh mar leis an bhfírinne a rá níl mé ró-mhaith ag déanamh cócaireachta ar na pancóga, ní oibríonn an chéad cheann amach i gceart riamh domsa agus bím drogallach go minic iad a dhéanamh!! so thar na mblianta tá roinnt tips foghlamtha agam ó m'fhear chéile a ullmhaíonn iad domsa, tá mé míllte agus buíochas le Dia ní bhíonn fadhb ar bith agamsa iad a ithe le fuilleach nutella ar a mbarr!!



Tá cúpla tip bheag ghinearálta agam daoibh ar dtús;
  • Criathraigh an plúr roimh réidh chun na cnaipí plúr a bhaint as an meascán.
  • Úsáid fíor im nó ola coconut ná húsáid gnáth ola.
  • Ceannaigh  "Pan" ceart!!!
  • Téamh an ola roimh réidh.
  • Má tá tú ag iarraidh rogha níos sláintiúla ceannaigh roinnt friocháin ghorma le cur leo.
  • Cuir púdar bacála leis an meascán má tá tú ag iarraidh ar na pancóga ardú.
  • Ná dean dearmad crúsca Mór Míllteach Nutella a cheannach.
1. Gnáth Phancóga

Friday, January 22, 2016

Grá i gcéin grá i gconaí!



Hello glams, cé chaoi a bhfuil sibh? Síofra anseo! 
Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir! :-)

Táim ar ais ag scríobh tar éis na Nollag, an ceann is fearr a bhí agam riamh! Mar is eol daoibh, b'fhéidir, 'Chuir Brian an cheist mhór' orm Oíche Nollag agus ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeinn cloiste ag daoine i Meiriceá ag screadaíl. Ní raibh mé ag tnúth leis an oíche sin mar bhíomar sa bhaile ag breathnú ar an teilifís agus bhí i mo phitseamaí(glam? NO!! Rómánsúil, BHÍ!) ach bhí sé foirfe. Is fear cúthail é Brian ach rinne sé thar barr an oíche sin caithfidh mé a rá! Ní raibh cailín níos sásta ná mise an oíche sin agus mé ag dul i mo chodladh, bhí mé cosúil le páiste beag ag fanacht ar Dhaidí na Nollag. Is 'fairytale' beag é ár scéal, agus ba bhreá liom é a roinnt libhse!


Wednesday, January 20, 2016

Denims dúinn ar fad!

Dia dhaoibh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an mbliain nua!

So tá bliain nua tagtha agus rinne mé cinneadh ag tús na bliana seo gan an oiread éadaí a cheannach i mbliana agus a cheannaigh mé anuraidh. Tá ag éirí OK liom go dtí seo! Mar sin táim chun athchúrsáil a dhéanamh ar na rudaí atá agam agus iad a ghléasadh suas. Bhí mé ag iarraidh cuimhniú céard iad na rudaí atá sa chófra ag chuile dhuine agus is é an chéad rud a rith liom ná jíons nó éadaí deinime. Sa bhlag seo mar sin táim chun a thaispeáint díobh cén chaoi ar féidir deinim a ghléasadh suas, bhuel gléasadh suas gan a bheith ag breathnú cosúil leis an mbeirt seo thíos....... 

Britney Spears agus Justin Timberlake i 2001.
1. Jíons 
Níl aon dabht faoi ach go bhfuil péire jíons (nó scór) ag chuile dhuine againn. Is breá liomsa iad a chaitheamh ar an deireadh seachtaine. Is breá liom 'skinny jeans' agus ní bheinn in ann maireachtáil á n-oireasa. Feictear dom go gcaitheann an t-uafás cailíní na 'boyfriend jeans' freisin. Is breá liom iad ach ní fheileann siad dom ar chor ar bith. Nuair atá tú ag ceannach jíons is iad na rudaí a chaithfidh tú a chinntiú ná: iad a thriáil ort sula gceannaíonn tú iad agus gan iad a cheannach mar gheall go bhfuil siad ag daoine eile- b'fhéidir nach bhfeilfeadh siad do chorp ar chor ar bith. Tá sé seo tarlaithe domsa cúpla uair. Bheadh péire álainn ag duine de na cailíní nó mo dheirfiúracha agus ansin chuirfinn orm iad agus bheinn ag pléascadh amach astu. Tugann sé sin ar aghaidh mé go dtí an chéad tip eile nuair atá tú ag triáil jíons ort, má théann jíons ort go han éasca téigh síos tomhais. Is cuma má tá ort beagáinín do dhamhsa a dhéanamh isteach sna jíons, ach ag an am céanna níl tú ag iarraidh a bheith cosúil le Ross ar Friends nuair a bhí an treabhsar leathair air :) Ba cheart go mbeadh an básta 'snug' is é sin go mbeadh tú in ann do dhá mhéar a chur síos ar chúl an bhríste ach ní do lámh iomlán.

Féach thíos ar cúpla smaoineamh le do chulaith a bheith glam le péire jíons:


Friday, January 15, 2016

Mo 2015- Aisling xxx

Dia dhaoibh a chairde,
An gcreideann sibh go bhfuil muid sa bhliain 2016 cheana féin? Ar éigin a chreidim go bhfuil muid leathbealaí tríd mí Eanáir!! Tá blag na seachtaine seo cineál difriúil ó chinn a rinne mé roimhe seo. Is cineál sracfhéachaint ar mo bhliain atá mé chun a thabhairt daoibh anocht! Thíos feicfidh sibh mo chéad selfie den bhliain :)


Bhí bliain den scoth agam caithfidh mé a rá agus tá cúiseanna éagsúla leis sin. An chéad rud is dóigh a tharla dom anuraidh ná gur cuireadh tús le mo theach. Tá mé ag súil go mór le bogadh isteach i mo theach agus tús a chur le haistear nua i mo shaol! Cé go bhfuil sé exciting, tá beagán strus ag baint leis. Bhí an t-uafás cinntí le déanamh agam. Bhí mo chistin le piocadh amach agam agus rudaí eile mar sin. Táim ag ceannach liom de réir a chéile agus bhí na sales go maith dhom.

An rud is deacra is dóigh ná anois, in ionad péire bróga nó gúna nua a cheannach, is minic gur uirlisí nó rudaí i gomhair an tí atá á cheannach agam! Ach is cuma liom, is fiú é agus ciallaíonn sé nach bhfuil mé ag fágáil chuile shórt go dtí an nóiméad deireanach.

Gan dabht, an dáta ba thábhachtaí domsa i mbliain ná an cúigiú lá de Lúnasa nuair a bhunaigh mé fhéin, Síofra, Roseann agus Gearóidín ár mblag 'Gaeilge le Glam'. Is minic agus mé suite síos ar an gcouch agus mé ag cuimhniú a gcuirim an cheist orm féin céard a rinne mé le mo chuid ama roimh Ghaeilge le Glam?? Agus níl a fhios agam beo!! Tógann an blag an t-uafás ama agus pleanáil ach ní athróinn aon rud faoi.



An lá a bhíomar ar chlár 'Róisín'.

Ní bheadh Gaeilge le Glam mar a chéile le haon duine eile.Níl triúr níos fearr ná níos deise le fáil ná an triúr atá agam. Mar sin Roseann, Gearóidín agus Síofra nár laga Dia sibh agus má bhíonn 2015 leath chomh miath le 2016 nach againn a bheas an bhliain!!! Tá mé chun an deis a thapú anseo freisin chun mo chomhghairdeachas ó chroí a chur in iúl arís do Shíofra agus Brian! Is mór an áilleacht sibh agus go mairfidh sibh bhur nuaíocht!!! xxx



Nach álainn iad mo chuid tuismtheoirí agus iad réidh le dul ag bainis. Tá buíochas speisialta ag dul dóibh siúd. Gan iad ní bheinn san áit a bhfuilim. Go raibh míle Mam agus Dad!!



Mé fhéin, mo dheirfiúr Lorraine agus mo mháthair arís gléasta glam i rith na Nollag! 
Freisin tá an t-uafás excitement i gclann Mhic Chormaic i mbliana agus 'Lolly' (mar is fearr aithne uirthi) ag pósadh!! Ag súil le Bealtaine 2016!!:)


An trí ceathrú cuid de Ghaeilge le Glam amuigh le haghaidh dinnéar an tseachtain seo caite!!

Jamie: ceann de mo chuid cairde ón scoil a phós ag an Nollaig. Guím chuile rath uirthi féin agus a fear céile Éanna ina saoil xxx

An óiche a rinneamar moltóireacht ar ghlam an Oireachtais: bhí an-oíche againn!!

An mhaidin agus mé réidh le dul ar 2fm ag caint le Stephen Byrne. Cé go bhfuil meangadh gháire orm, bhí mé chomh neirbhíseach!

mé fhéin agus an 'Main Man'.

Oíche randamach i rith an tsamhraidh! An ceathrar againn ag caitheamh top bán agus jeans agus ní raibh sé pleanáílte!!!

Turas eile go Londain le mo chuid cailíní beaga!!

Pictiúr eile ó Londain, Bealtaine 2015!

An dara oíche i Londain!

Cara eile liom a phós i mí Aibreáin agus a raibh mé mar chailín cuideachta aici! NoraAnn agus Maitiú go dtuga Dia saol sona, sásta agus sláintiúil daoibh le chéile!


Pictiúr a tógadh anuraidh freisin ar oíche eile ar na tiles!!!

Caithfidh mé críoch a chur leis an mblag ansin sula dtosóidh na deora ag titim ,níl a fhios agam cén fath ach bhí mé sách emotional ag scríobh an bhlag. Is dóigh mar go dtugann siad cuimhní áille agus cuimhní saoil chun cuimhne!!
Sin a bhfuil anocht
grá mór
Aisling
xxxx

Saturday, January 9, 2016

"New years Resolutions" an fiú iad a dhéanamh??

Bhuel a chairde,

Ní chreidim go bhfuil deireadh tagtha le bliain eile, agus cúpla mí an-rathúl dúinne ag Gaeilge le Glam.  Tá muid anois i mbun ghnáthchúrsai an lae, tá an Nollaig thart agus 2016 anois faoi lán seoil agus muid ar ais ar scoil! Tá an t-uafás cainte á dhéanamh faoi "New years resolutions" na laethanta seo agus caithfidh mé a rá go ndéanaim féin na cinn chéanna i gcónaí, níl a s'agam an n-oibríonn siad ach ceapaim go dtugann sé fócas dúinn agus na blianta ag sleamhnú leo. Na cinn is coitianta ár ndóigh; déan níos mó aclaíochta, ith bia níos sláintiúla, laghdaigh an méid  brú oibre agus níos mó ama a dhéanamh do na daoine is tabhacthaí i do shaol.

Aon duine a bhfuil aithne acu orm tá a fhios agaibh go mbím ag déanamh aclaíochta go rialta, ní hé go maith liom á dhéanamh ach mar gheall gur breá liom bia an oiread sin níl an dara rogha agam is fíor an ráiteas béarla domsa "a minute on the lips a lifetime on the hips"  :)
Ach sin ráite níl mé chun stop a chuir leis na turais go dtí cuid de na bialanna áille atá le fáil i nGaillimh agus mé freisin ag smaoineamh ar an uachtar reoite atá i mo reoiteoir :)

I mbliana an t-aon "New Years resolution" atá agam ná a bheith sásta!!!!!!  Chun é seo a bhaint amach tá mé chun cúpla tip beag a roinnt libh, na cinn a leanfaidh mé féin.

Ó thaobh cúrsaí beatha agus sláinte

1. Stop ag úsáid an focal DIET!!!!! Úsáidim an focal seo i bhfad ró-mhinic agus i ndáiríre an tionchar a bhíonn ag na meán cumarsáide orainn, tá sé do-chreidte maidir leis seo, níl ort ach dul ar facebook agus tá gach saghas diet luaite air, loose 5 pounds in 5 days, loose 10 pounds in 10 days agus mar sin de.  Níl aon "quick fix" anseo cé go dtaitneodh sé linn uilig!! So as seo amach ní chloisfidh sibh an focal seo uaimse!!!