Friday, January 22, 2016

Grá i gcéin grá i gconaí!



Hello glams, cé chaoi a bhfuil sibh? Síofra anseo! 
Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir! :-)

Táim ar ais ag scríobh tar éis na Nollag, an ceann is fearr a bhí agam riamh! Mar is eol daoibh, b'fhéidir, 'Chuir Brian an cheist mhór' orm Oíche Nollag agus ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeinn cloiste ag daoine i Meiriceá ag screadaíl. Ní raibh mé ag tnúth leis an oíche sin mar bhíomar sa bhaile ag breathnú ar an teilifís agus bhí i mo phitseamaí(glam? NO!! Rómánsúil, BHÍ!) ach bhí sé foirfe. Is fear cúthail é Brian ach rinne sé thar barr an oíche sin caithfidh mé a rá! Ní raibh cailín níos sásta ná mise an oíche sin agus mé ag dul i mo chodladh, bhí mé cosúil le páiste beag ag fanacht ar Dhaidí na Nollag. Is 'fairytale' beag é ár scéal, agus ba bhreá liom é a roinnt libhse!


Ní raibh ár dturas chomh héasca sin! Bhí aithne agam ar Bhrian ar feadh cúpla bliain sular thosaíomar ag dul amach, is cara é le deartháir mo chara Ciara. Thosaíomar ag dul amach i mí Meithimh 2012 agus bhí air dul go Meiriceá i mí Feabhra 2013 mar is fisiteiripeoir é agus ní raibh aon obair ar fáil anseo. Tháinig sé abhaile i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus táimid inár gcónaí le chéile ó shin. 

Deir daoine nach n-oibríonn cianchaidreamh ar chor ar bith agus is fíor a rá nach raibh mé chomh cinnte an mbeadh muid in ann é a dhéanamh! Ach is fíor a rá 'Grá i gcéin grá i gcónaí'. 

Bhí sé lonnaithe in Evansville, Indiana. Tá sé huaire idir an dá áit. Bhaineamar úsáid as WhatsApp agus Skype agus caithfidh mé a rá gur thosaíomar ag scríobh litreacha. Is aoibhinn liom nuair a thagann aon litir sa phost, nós seanfhaiseanta é ach is breá liom é! Chaitheamar uaireanta an chloig ar Skype agus is áis iontach í, ní bheadh tú in ann cianchaidreamh a sheasamh gan é i mo thuairim!

Ní raibh sé easca ar chor ar bith, ach, tá neart laethanta saoire agam ón scoil so thug mé cuairt air ocht n-uaire agus chuamar ag taisteal timpeall na tíre. Chaitheamar seal i Chicago, Gatlinburg agus Nashville Tennessee, Cincinatti Ohio, Louisville Kentucky, St. Louis Missouri, Baltimore Maryland, Atlanta Georgia, Charlotte North Carolina, Washington DC, Kenosha agus Whistling Straits Wisconsin. Sooo, bhí cúpla buntáiste ag baint leis!! :-P


An bheirt againn i Kenosha, Wisconsin ag céiliúradh trí bliana le chéile.

An áit ab fhearr liom ná Chicago.. bhogfainn go Chicago amárach dá mbeinn in ann! Bhí sé chomh glan agus bhí na daoine chomh cairdiúil!Tá sé i bhfad níos deise ná Nua Eabharc.Chuamar ag am Nollag agus bhí sé draochtúil i ndáiríre! Ceann de na háiteanna is deise a chasamar uirthi! Bhuail Brian le beirt gárthóirí molta ó fhoireann cispheile 'Bulls' agus bhí sé an-sásta leis féin!!!
  


Bhuaileamar le daoine deasa in Evansville agus airíonn muid uainn iad anois! Daoine áille atá iontu agus tá siad ag teacht go hÉirinn don bhainis agus táim ag tnúth iad a fheiceáil!

Agus an Samhradh seo caite chuamar go Punta Canca, Dominican Republic agus bhí saoire iontach againn! Bhí na tránna dochreidte agus bhí an spéir chomh gorm leis an aigéan. Ní fhaca mé áit chomh hálainn léi riamh! Rachainn ar ais go Punta Cana ar maidin!


 

Thuig mé ó thús an chaidrimh gur fear an-speisialta é Brian. Ní raibh sé cosúil le haon fhear eile a chas mé air! Tá sé cineálta, greannmhar agus an-fhoighneach liom! Is dlúthchara é agus tá an t-uafás muinín agam as! Níl aon rud eile uaim!! (cheeessseeee :-P)

Cé go raibh an t-uafás taithí agam ar na 'goodbyes' ní raibh sé riamh éasca ag fág slán aige. 
Féicfidh tú an bheirt againn ag an aerfort sular tháining mé abhaile i mí Lúnasa sa chéad phictiúr eile! Bhí grá agus gráin agam ar an aerfort ag an am chéanna! Bhíodh mé ar bís agus lán le dóchas ag dul annon ach croíbhriste ag teacht anall. Ach faraor, d'oibrigh sé amach agus anois is cailín thar a bheith sásta mé!! 


So, má chasann tú ar chailín nó buachaill atá ag bogadh nó atá ag imeacht ag taisteal, bain triail as an gcaidreamh! B'fhéidir go n-oibreoidh sé amach, agus muna n-oibríonn sé, bhuel, níl sibh ceaptha a bheith le chéile ar an gcéad dul síos.  

Mar a deir an seanfhocal 'Géaraítear an grá i bhfad uainn, neartaítear an grá in aice linn.'



Slán go fóill, 
ó chailín iontach sásta, 

Síofra xxx









     













No comments:

Post a Comment