Thursday, March 10, 2016

An bhfuil tú mar aoi ag bainis i mbliana? Cuir tús leis an bPrep anois!

Bhuel níl aon leigheas ar an áilleacht ach an t-ullmhúchán!! Tá tús curtha le seasúr na mbainise domsa agus nach mé atá sásta go bhfuil mo bhainis féin curtha díom agam agus go bhfuil mé anois in ann seasamh siar agus sásamh a bhaint as an lá speisialta sin a bhíonn ag mo chairde!

Is breá liom féin a bheith eagraithe do bhainis agus go mór mór is maith liom iarracht a dhéanamh dóibh siúd a thug mar onóir dúinn freastal ar ócáid chomh speisialta!

So seo mar atá, inniu an Luan agus tá tús curtha leis an bprep! Ta mé ag scríobh an bhlag seo chun léargas bheag a thabhairt daoibh ar na cinntí deacra sin a bhíonn le déanamh ag mná d'ócáidí éagsúla ar nós bainis! Do na fir atá á léamh tabharfaidh sé seo tuiscint daoibh ar cé chomh heasca is atá rudaí agaibh!!

An GÚNÁ!!!

Bhuel don bhrídeog tá sé seo tábhactach ach ceapaim go bhfuil sé chomh tábhactach céanna dom féin mar aoi ag bainis.

Cheannaigh mé an gúna seo i Willow, in Inis Co. an Chláir! Costas €165 a bhí ar ach caithfidh mé a raibh go bhfuil an caighdeán atá ann do-chreidte! Bhí na mná a bhí sa siopa chomh deas agus cabhrach bhí fonn orm tuilleadh a cheannach dá mbeadh na funds agam!!

Is branda Éireannach atá sa ghúna "Ella Boo".  Tá saghas na ngúnaí an-mhaith agus níl fit ró-bheag acu (seo í  an fhadhb a bhíonn agam leis an siopadóireacht ar líne go minic)



Beidh mé ag léamh ag an mbainis seo ar an deireadh seachtaine, mar sin tá bróga compórdacha tábhactach freisin.. tá a fhios agaibh féin ar fhaitíos go dtitfinn agus mé ar mo bhealach go dtí an altóir!! Seo an ceathrú péire de bhróga "Bourbon" ó Amy Hubermann atá ceannaithe agam agus caithfidh mé a raibh tá mé i ngrá leo!!  Is fiú chuile phingin iad!!

Anois do chúrsaí áilleachta seo hiad na táirgí is tábhachtaí domsa an tseachtain seo;


Anhydrol Forte: 

Cheannaigh mé é seo cúpla bliain ó shin agus tá sé iontach ar fad, i rith an tsamhraidh ach go háirithe nuair atá muid ag caithfidh éadaí níos gile agus níl tú ag iarraidh go mbeidh tú ag cur allais.  


Léigh na treoracha go cúramach don táirge seo, mar is ar éigin go bhfaighfidh tú codhladh na hoíche de bharr an tochas, ach is fiú é d'ócáidí mar seo!!


Masc don ghruaig

Cheannaigh mé é seo roimh na Nollaig. Ta an boladh atá air dochreidte agis déanamh sé do chuid gruaige deas mín!!! 

Tá an gruaigaire curtha in áirithe agam do mhaidin Dé Satharn agus seo'd cuid de na stíleanna gruaige a tá mé ag súil leo!



      

Cá mbeadh muid gan Coco Brown

An tseachtain seo caite rinne mé mo Choco Brown ach roimh an deireadh seachtaine caithfidh mé tosú ag úsáid an tough stuff agus ansin déanfaidh mé an tan ar an Déardaoin ionas go mbeidh sé ag breathnú deas nadúrtha don Satharn!  Fágaim an 1 hour tan thar oíche, cé nach maith liom é a bheith ró-dhorcha. Tugann sé seo deis dom é a níochán cúpla uair roimh an Satharn!



Thosaigh mé ag úsáid an Golden Goddess freisin tugann sé seo "shimmer" deas don chraiceann agus bíonn do chuid ar nós rud éicint ón gcatwalk! Nár laga Dia thú Marissa Carter!!!


An Smidiú

Tar éis cúrsa smidiú a dhéanamh le hInglot, is fada liom triail a bhaint as mo smidiú don bhainis agus seo hiad na tairgí a bheidh mé ag úsáid ar an lá. Seo hiad na táirgí a úsáideadh orm an lá sin ag an gcúrsa agus bhí mé chomh tógtha leo gur cheannaigh mé iad.

 


Úsáidim an Lulu ón bPippa Palette i gcónaí mar highlighter, is breá liom é seo mar téann sé orm chomh héasca agus ní theastaíonn ach rud beag a chuir ar an scuab!

Na dathanna is fearr liomsa ón Naked Palette ná na cinn donna agus saghas rustic (Virgin, sin, sidecar agus toastet) Cuireann siad seo go mór le dath mo chuid súile mar tá siad saghas glas/liath!

An rud is mó a d'fhoghlaim mé ag an gcúrsa ná úsáid na scuabanna Blank Canvas ar fad atá agam!!! Bhí siad agam, iad ag breathnú go hálainn sa chás agus ní raibh notion agam cén chaoi iad a úsáid.


Na hIngne

Ní mhothaím go hiomlan réidh riamh gan mo chuid ingne a fháil déanta!! Níl me ró- adventurous leo mar is maith liom go dtiocfaidh siad le mo chulaith éadaí ar fad. Seo an dath a roghnaigh mé inniu:


Bhuel sin é a chairde ta súil agam go dtiocfaidh gach rud ina cheart dom ar an Satharn. Bígí ag faire amach ar snapchat, instagram agus facebook do na pictiúiría bheidh á roinnt agam libh!!

Má tá aon bhainis ag teach aníos agaibh cuir snap chugainn leis na hullmhúcháin atá ar bun agaibh.



Grá mór

Roseann 

-xxxxx- 











No comments:

Post a Comment