Saturday, March 12, 2016

Cursaí Ti- Ní bheidh aon tinteán mar mo thinteán féin :)

Ó Glams!!!!! is deas suí síos agus blag a scríobh agus sos intinne a fháil ó chúrsaí tithe, péint, úrláir, leithris, soilse, doirse, fuinneoga, tiles.... agus d'fhéadfainn coinneáil orm!!
D'inis mé daoibh i mo bhlag ag tús na bliana go raibh teach á thógáil agam (yep mise ag tógáil tí) agus an plean atá agam inniu ná roinnt smaointe agus ionspráide a thabhairt daoibh ó thaobh cúrsaí tí.

Ar an gcéad dul síos mura bhfuil sibh ar 'Pinterest, leag síos an fón nó an ríomhaire, faigh d'fhón agus íoslódáil é ANOIS!!
Caithfidh mé a rá go bhfaighim an t-uafás tips beaga ó seo agus is aoibhinn liom é. Is iomaí maidin a bhíonn néal orm mar gheall gur chaith mé uaireanta an chloig ag scrolláil.
Ach wow tá an t-uafás i gceist le tógáil tí, now ná ceap nach bhfuilim ag baint taitnimh as mar tá ach nuair atá dhá chineál doras a thaitníonn leat agus ní féidir leat ach ceann a cheannach, tá sé deacair.


Tosaíodh ar mo theach Bealtaine seo caite agus súil agam a bheith istigh ann i roimh dheireadh na bliana, yahoo!! 
Tips beaga daoibh:
  1. Faigh dhá fhillteán, ceann do na dindúirí uilig, éarlais, quotes etc agus ceann eile do phictiúr a fheiceann tú i leabhair nó in irisí agus samplaí de dhathanna péint srl.
  2. Coinnigh dátaí, laethanta ar labhair tú le hinnealltóirí, tógálaí etc agus céard a socraíodh/íocadh.
  3.  Bí ag faire amach ar na sales, is fiú iad.
  4. Ná ceannaigh an chéad rud a fheiceann tú- tá an t-uafás stíleanna, dathanna agus praghsanna amuigh ansin.
  5. Bí ag ceannach rudaí beaga anseo is ansiúd agus ná ceannaigh chuile shórt le chéile.
  6. Le haghaidh na rudaí 'móra': leapacha etc bíodh liosta agat, tóg lá amháin agus téigh chuig cúpla siopa chun an margadh is fearr a fháil, tá siad uilig ag iarraidh do ghnó ach oibreodh siad ar do shon.
  7.  Déan iarracht cloí le dátaí, má tá tógálaí le bheith ag an teach amárach, déan cinnte go mbeidh sé ann an lá sin.
  8. Bíodh neart cóipeanna de phlean an tí déanta agat mar beidh ort plean a thabhairt do go leor siopaí.
  9. Agus ar deireadh bain taitneamh as, is céim ollmhór é seo i do shaol agus ba cheart go mbeadh sé exciting
Breathnaigh ar na smaointe áille a fuair mé go dtí seo a thug ionspráid dom:

An Seomra Folctha:



An Seomra Suí




Seomraí Leapa






Vardrús


Níl sna pictiúir thuas ach smaointe a chonaic mé, níor chuir mé aon phictúr isteach don chisitn mar is rogha an- phearsanta é seo.
Súil agam gur bhain sibh taitneamh as,
Tá mé chun scaoileadh libh anois, Pinterest ag fanacht liom.

Grá,
Aisling xxxx

No comments:

Post a Comment