Wednesday, March 2, 2016

Fiacla Nua......Tá Súil Agam :)

Hi a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh ar fad? 

So, níl a fhios agam an bhfuil sé tugtha faoi deara agaibh, ach shílfeá go bhfuil Braces ar chuile dara duine na laethanta seo! Agus má leanann sibh ar Snapchat muid tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil mise ar dhuine acu anois!!! 
Is rud iad mo chuid fiacla nár chuir isteach orm riamh agus bhí an t-ádh liom nuair a bhí mé i mo ghasúr nach raibh orm braces a fháil mar go raibh mo chuid fiacla sách díreach. Le cúpla bliain anuas áfach, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil siad ag bogadh, péire chun tosaigh ach go háirithe. Agus mar gheall gur duine mé a bhíonn ag gáirí 99% den am, níl aon dul as, bíonn mo chuid fiacla 'ar show' i gcónaí. Chomh maith leis sin deir m'fhiaclóir go bhfuil meangadh an-leathan agam mar sin bíonn mo chuid fiacla ar fad le feiceáil nuair a bhíonn meangadh orm.

Ar aon nós, bhí mé i mo chónaí i Nás na Ríogh le cúpla bliain anuas, agus bhí clinic ansin i gClaonadh a bhfuil an-cháil ar agus bhí mé ag leath chuimhniú a dhul ann ach ní oibreodh sé amach dom mar go mbínn sa mbaile le linn an tsamhraidh. Bhog mé ar ais go Gaillimh i mbliana agus mar sin ní raibh aon leithscéal eile agam, dúirt mé liom féin go raibh sé chomh maith dom iad a fháil i mbliana nó ní bhfaighinn go deo iad.
I mí Lúnasa mar sin chuaigh mé ag 'Clear Braces' chun praghas agus plean a fháil uathu. Dúirt siadsan liom go mbeadh invisalign ag teastáil uaim ar bharr agus ar íochtar mo bhéal. Labhair siad liom faoi phlean ach i ndáiríre chuir an smaoineamh don 'retainer' as dom mar go mbíodh 'retainer' agam cúpla bliain ó shin (mar bhínn ag grindéail m'fhiacla san oíche) agus nuair a dhúisínn ar maidin bhíodh sé i gcónaí ar an bpiliúr le mo thaobh. Mar sin chuaigh mé ag fear eile i nGaillimh. Bhí seisean é féin an-chabhrach agus an-deas mar ortadóntóir, ach ba bheag nár thit an t-anam asam nuair a bhí sé ag iarraidh orm €5685 a íoc ar bhraces agus ansin dhá fhiacail a tharraingt (€120 an ceann) agus ansin bhí sé ag iarraidh dhá scriú (€100 an ceann) a chur isteach i mo charbhat chun na fiacla a tharraingt siar.......Is daor agus is tinn an jab a bheadh ann!!!!
 
Pictiúr dom féin agus na cailíní roimh na braces

So shocraigh mé na braces a chur amach as m'intinn, bhí mé ag rá liom féin go raibh mo chuid fiacla togha ar an gcaoi a raibh siad agus ní raibh mórán fonn orm a dhul ag tarraingt dhá fhiacail nach raibh aon rud mícheart leo. Ansin fuair mé post ar an mBóthar Ard i nGaillimh agus síos an bóthar uaidh sin bhí an tOrtadóntóir Kavanagh. Bhí na braces fós i gcúl m'intinn mar sin dúirt mé liom féin go raibh sé chomh maith dom coinne a dhéanamh go bhfeicfinn céard a déarfadh sé! .........

Scéal greannmhar.....dúirt an fear seo liom go dteastódh obráid ó mo ghiall, le haghaidh mo ghiall ar an íochtar a tharraingt aniar 1-2cm ionas go mbeadh an 'bite' i gceart agam! Dár ndóigh....ní raibh mé sásta leis an bhfreagra seo- €8000 a bheadh ar an obráid gan trácht ar chostas an ospidéil! Ní raibh mé sásta a dhul faoin scian mar gheall ar fhiacail bheag amháin a bhí ag cur isteach orm agus dúirt mé é sin leis! Shocraigh sé mar sin ar phlean B a chur le chéile dom agus b'shin, brace a chur ar na fiacla ar an uachtar! Agus sin a rinne sé coicís ó shin!!!! So tá train tracks orm ar bharr, cinn bána agus d'íoc mé €300 an lá a chur mé isteach iad agus beidh mé ag íoc €100 sa mhí ar feadh 12 mí (an t-achar a bheidh siad orm). €1500 ina iomlán agus sin na cúirteanna ar fad a thabharfaidh mé ar an Ortadóntóir agus gach rud san áireamh. Beidh orm a dhul ar ais aige gach 6 seachtaine chun iad a dhaigniú!

Tá na braces ceart go leor. Tá mo chuid fiacla beagáinín sensitive ach níl siad leath chomh dona 's a bhí daoine ag rá go mbeidís. Is é an rud is mó atá ag cur as dom ná nach bhfuil cead agam jellies ná stingers a ithe. Bhí deacracht agam an chéad chúpla lá mar go raibh siad ag gearradh mo bhéal taobh istigh, mar sin b'éigean dom céir a úsáid ionas nach mbeadh sé chomh tinn. Tá dhá cheann ar fáil ceann bán agus ceann geal, is féidir an ceann geal a úsáid ar na fiacla chun tosaí agus an ceann bán a úsáid ar chúl. Rud eile ná go bhfuil orm mo chuid beatha ar fad a ghearradh suas mar nach bhfuil mé in ann plaic a bhaint as aon rud, ach le seachtain anuas tá sé ag fáil níos éasca! Agus ar deireadh nuair atáim ag caint le daoine bíonn an oiread faitís orm go bhfuil beatha i bhfostú i mo chuid fiacla! GLAM!!!! Ó agus in ionad mála smideadh a bheidh i mo mhála anois tá mála beag le mo scuab fhiacail!

Seo cúpla rud atá thíos i mo mhála draíochta anois:
Scuab speisialta le haghaidh na braces...tá siad an-deacair le fáil, má thagann sibh trasna orthu (Colgate Ortho brush) ar mhiste libh a rá liom cá bhfuil siad le fáil a chairde? x

Seo an chéir a luaigh mé thuas, mar a fheiceann sibh níl mórán fágtha sa phota beag: 

Seo na rudaí eile ar fad atá agam: 

So a chairde sin é go dtí seo..... 
Tá bliain fhada amach romham ;) An t-aon rud a mholfainn díobh má tá aon duine agaibh ag cuimhniú braces a fháil, ná téigh ag an gcéad duine, faigh cúpla praghas duit féin, is fiú go mór é!

Tá cúpla pictiúr thuas díom le mo chuid braces (níl mórán acu ann)....tá chuile dhuine ag rá liom nach dtabharfá faoi deara iad tar éis dóibh iad a thabhairt faoi deara! LOL!!!

Gearóidín xxxx

1 comment:

  1. Táim anseo chun fianaise a thabhairt faoin méid a rinne an Dr James dom. Tá mé ag fulaingt ó ghalar (GENITAL HERPES VIRUS) le 4 bliana anuas agus bhí pian agus itching leanúnach agam, go háirithe i mo chuid phríobháideach. Le linn na chéad bhliana, bhí creideamh agam i nDia go leigheasfaí mé lá éigin. Thosaigh an galar seo ag scaipeadh timpeall mo choirp agus bhain mé úsáid as ola Oregano, ola cnó cócó, Acyclovir, Valacyclovir, Famciclovir, agus roinnt táirgí eile agus chabhraigh sé go mór le linn mo ráigeanna ach leigheas mé go hiomlán! ó mo HSV le leigheas luibhe láidir agus gníomhach a ordaíodh ó mheascán luibhe an Dr James agus throid sé an víreas go hiomlán ó mo néarchóras agus rinneadh tástáil dhiúltach orm tar éis 15 lá as leigheas luibhe an Dr James a úsáid. Táim anseo chun a chur in iúl duit go bhfuil leigheas iomlán ar an víreas herpes, fuair mé réidh le mianach le cabhair ó leigheas luibhe an Dr James. Tháinig mé ar fhianaise de Kasha, ar an idirlíon ag déanamh fianaise faoin Dr James, ar an gcaoi ar leigheas sé é ó 7 mbliana HSV 2. Agus thug sé seoladh ríomhphoist an fhir seo freisin ... [drjamesherbalmix@gmail.com] ... , ag tabhairt comhairle d’aon duine teagmháil a dhéanamh leis chun cabhair a fháil maidir le galair de chineál ar bith a mbeadh sé ina chabhair dóibh, agus mar sin chuir mé ríomhphost chuige ag insint dó faoi mo chuid (HSV 2) a dúirt sé liom gan a bheith buartha go mbeidh mé ag leigheas! Bhuel, ní raibh amhras orm riamh air. Tá creideamh agam gur féidir leis mise a leigheas freisin, d’ullmhaigh agus chuir an Dr James a chógas luibhe chugam as fréamhacha agus luibheanna a ghlac mé. Sa chéad seachtain amháin, thosaigh mé ag fulaingt athruithe ar fud orm, tar éis 15 lá d’ól mé a leigheas luibhe, leigheasadh mé go hiomlán. gan itching níos mó, pian orm níos mó mar a dhearbhaigh an Dr James dom. Tar éis roinnt ama chuaigh mé chuig mo dhochtúir chun tástáil eile a dhéanamh. tháinig an toradh diúltach. Mar sin, a chairde, is é mo chomhairle má tá an galar sin ort nó má tá aithne agat ar aon duine atá ag fulaingt uaidh nó aon ghalar eile cosúil leis na Scealla, HPV, HBV, VEID / SEIF, ALS, HBP, CANCER, VEID / SEIF NEPHROTIC SYNDROME, ailse herpes, Ailse Ovarian, Ailsí pancreatacha, ailse lamhnán, ailse lamhnán, ailse próstatach, Glaucoma., Cataracts, Díghiniúint macúlach, Galar cardashoithíoch, Uathachas, Galar scamhóg. Próstatach méadaithe, Oistéapóróis. Galar Alzheimer, psoriasis, Galair Tach, Lupus, Backache, néaltrú ailse ailse scamhóg, ailse craicinn, ailse craicinn agus ailse craicinn.testicular Cancer ,, LEUKEMIA, VIRUSES, HEPATITIS, INFERTILITY WOMEN. , srl. is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Dr James ar a .... [drjamesherbalmix@gamil.com] ... Is fear maith é, agus cuideoidh sé leat.

    ReplyDelete