Friday, March 18, 2016

Ullmhúcháin Bainise!

Hello glams,

Sooo, mar is eol daoibh ag an bpointe seo táim ag fáil pósta an bhliain seo chugainn.  An seachtú lá de mhí Aibreán 2017 chun a bheith níos soiléire!!

Níl ach bliain agam chun gach rud a ullmhú ach caithfidh mé a rá, ní cheapaim go mbeadh níos mó ama ag teastáil uaim. Taitníonn ullmhúcháin de chuile shórt liom agus mar sin táim ag baint an-taitneamh as na hullmhúcháin go léir. Tá na rudaí móra déanta agam; mar shampla tá banna ceoil agus griangrafadóir piocaithe agam. Beidh Sandra Gillen Makeup Artistry ag déanamh ár smidiú agus beidh Natalie O'Brien Bridal Hair ag déanamh ár ngruaig.

Tá cara liom Niamh O'Donovan ó Simple Styling ag obair mar 'Stylist' liom. Is dearthóir tí í agus is stílí í freisin. Tá an t-uafás taithí aici ag obair ar ócáidí móra timpeall na tíre agus táim ag tnúth leis an obair a dhéanfaimid le chéile i rith na bliana.

Tá cúpla smaoineamh againn don téama bainise ach taitníonn an 'Rustic theme' go mór liom. So é sin ráite táim chun cúpla ceann de na smaointe atá againn a roinnt libh!! Is aoibhinn liom 'burlap' agus labhandar freisin. Chomh maith leis sin is breá liom na bláthanna 'Baby's Breath'. Táim ag caitheamh an iomarca ama ar Pinterst agus Etsy agus tá go leor smaointe le fáil orthu seo. Tá gach pictiúr sa bhlag seo faighte ó Pinterest.


    



Is cinnte go bhfuil an bia/an dinnéar ar cheann de na rudaí is tábhachtaí do na haíonna ar fad agus gan dabht beidh siad ag súil le cáca blasta. Tá trend mór ann faoi láthair maidir le cácaí. Feictear go leor 'Naked Cakes' sna hirisí bainise go léir agus is maith liom iad. Ach faorar, ní bheadh tú in ann cáca seacláide bríoscaí a bheith agat mar ní bheadh aon oighriú air. Agus i mo thuairim ní bhreathnódh sé rómhaith! So beidh an cáca ginerálta agam leis an oighriú ar fad air.. mar, caithfear cáca seacláide bríoscaí a fháil ar an lá.  

      

Dár ndóigh beidh bróga áille ag teastáil uaim freisin!! Is maith liom na cinn ó Badgley Mischka agus Louboutin... ach faorar, go dtí go bhfuil an gúna faighte agam ní bheidh mé chun aon bhróga phiocadh!! 

   


Ina theannta sin tá na cuirí an-tábhachtach freisin. Sílim féin go mbeidh sé an-deacair na cuirí a phiocadh mar tá an iomarca roghanna le fáil.

Chonaic mé na cinn seo ar Pinterest agus is maith liom iad!

     
Táim actually i ngrá leis na cinn seo ó Kerry Harvey Wedding Stationary


         



Is maith liom an ghruaig seo freisin.. an-ghalánta! Tá mo ghruaig ag fás anois so tá súil agam go mbeidh mé in ann stíl mar seo a athchruthú ar an lá!


    

Is smaointe iad seo go léir, agus má fheiceann sibh aon rud eile atá cosúil leo siúd.. seol snaps chugainn nó ríomhphoist chugainn le bhur dtoil!!

Bhuel tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as na pictiúir go léir!

Síofra xxx






   




 





No comments:

Post a Comment