Friday, April 1, 2016

Taistealaí Dubai arais ar thalamh na hÉireann: Cuid a haon!!!

Bhuel níl cliú agam cá dtosóidh mé leis an mblag seo agus tá seans go mbeidh orm é a roinnt ina dhá chuid mar tá an oiread sin le rá agam libh! Ach ar dtús déarfaidh mé WOW WOW WOW!!!!!! DUBAI an chuid den UAE is deise dár leag mé mo dhá shúil ar riamh!!!

Níl a s'agam an cuimhin libh an blag a scríobh mé ag tús na bliana faoi níos mó taitnimh a bhaint as eispéaras éagsúla an tsaoil in ionad a bheith ag ceannacht rudaí ábhartha, mar sin ghlac mé le mo chomhairle féin agus seo mar a chaith mé an saoire seo; ag baint taitnimh as áilleachtaí an domhain sa chathair dhraíochtúil seo.





Tá sé socraithe agam cur síos a thabhairt daoibh ar na radharcanna agus na gnéithe turasóireachta ar fad a thug muid cuairt orthu le seachtain bheag anuas! Cé go dteastódh mí uait é a fheiceáil ina cheart (is leiscéal domsa é sin dul arais arís, ár ndóigh). Tabharfaidh mé cur síos daoibh ar gach a rinne muid!

Sular fhág muid Éire an t-aon rud a chuir muid in áirithe don tseachtain ná Tae Beag san Burj Al Arab an t-aon óstán seacht réalt ar domhan.  Bhí costas thart ar €150 euro an duine ar an tae ach caithfidh mé a rá gur bfhiú é. go mór mór mar go bhfuair muid bord díreach ag an bhfuinneog.  (é sin ráite mura raibh an bord gar don fhuinneog níl a s'agam an mbeadh mé chomh sásta céanna).  Bhí an foirgneamh é féin dochreidte ná bac leis an mbia a bhí ar fáil don tae. Bhí 27 urlár san fhoirgneamh seo agus má fheiceann sibh an dronuilleog ag gobadh amach ó bharr an fhoirgnimh sa phictiút thíos: sin é an bhialann.  Tá cuid mhaith den fhoirgneamh déanta as ór buí agus feictear é seo i gcuid de na pictiúir thíos freisin.  Chaith muid roinnt ama i suite san óstán freisin.  Dá mbeadh an lotta buaite agam d'fhanfainn san óstán seo ar feadh míosa.  Níl dabht ar bith ach gur é seo an highlight a bhí ann don tseachtain.







Chuir muid roinnt rudaí eile in áirithe an chéad mhaidin leis an treoraí turasóireachta a bhí lonnaithe san óstán. An chéad rud eile a rinne muid ná cuairt a thabhairt ar an Burj Khalifa, an foirngeamh is airde ar domhan, le 163 urlár.  Nuair a bhí muid ag dul suas an árdaitheoir, shílfeá gur ar éitleán a bhí tú nuair a thosaigh na cluasa ag poppáil.  Moladh dúinn cuairt a thabhairt ar seo i rith an lae, chun na radharcanna do-chreidte a fheiceáil.  Is iad lucht saibhre Dubai a bhfuil cónaí orthu san fhoirgnimh seo, ceannaíonn siad arasáin sa Burj Khalifa chun a gcuid saibhris a léiriú, tá seans nach bhfanann siad san arasán riamh. Má théim arais anseo tá mé chun dinnéar a bheith agam ann san oíche, moltar é seo mar eachtra turasóireachta.

Rinne muid an Safari Fásaigh tar éis cúpla lá agus bhí sé seo é féin do-chreidte, buíóchas le Dia ní raibh an lá ró-the agus ní raibh mé máraigh leis an teas.  Phioc Asar suas muid ag an óstán, agus i ndáiríre ní raibh cliú agam céard a bhí muid ag déanamh don lá, d'fhág muid ag a trí agus dúradh linn nach mbeadh muid arais go dtí a 9.30.  An chéad stop a bhí ann ná ag an áit bhailiúchán a  bhí leagtha amach.  Anseo bhí na quad bikes agus chonaic mé súile m'fhear chéile ag athrú agus bhí a s'agam nach mbeadh aon dul as ach dul orthu, chun é a choinneáil happy ár ndóigh. 


Tar éis 40 nóiméad agus muid ag tógáil selfies leis an gcamall óg away linn chun an turas a dhéanamh sna sand doons! Bhí seisear againn sa charr leis an tiománaí agus bhí trua agam don bhean bhocht a bhí in aice liom sa charr mar níor mhothaigh sí ró-mhaith.  An t-aon mholadh atá aga daoibh maidir leis seo ná déan cinnte nach bhfuil mórán ite agat roimh ré! Bhí an éispéaras iontach ar fad agus b'fhiú go mór é a dhéanamh!




Tar éis na sand doons chuaigh muid go dtí an lár ionad, áit ar  bhailigh na landcruisers ar fad le chéile, anseo bhí deis againn trial a bhaint as gnéithe éagsúla don chultúr araibeach; Na héadaí, an tatú henna, Shisha a chaitheamh, damhsa traidisiúnta a fheiceáil, chomh maith le BBQ a bheith ullmhaithe acu dúinn.




Na Souks!!! Bhuel céard is féidir liom a rá futhú seo, is fiú iad a fheiceáil ach mura bhfuil tú go maith ag "Haggling" tá sé deacair cur suas leis an áit seo agus na fir atá ag iarraidh tú a thabhairt go leath taobh le "Copied Gucci, Prada, Michael Kors, Guess, DKNY, Chanel" a dhíol leat. Is fiú roinnt léitheoireachta a dhéanamh ar na souks roimh chuairt a thabhairt orthu, nó téigh ann le duine áitiúil! 




Bhí an Dubai Mall iontach ar fad! Chaith muid lá iomlán anseo, chuaigh muid ag scátáil, go dtí an underwater zoo agus d'fhéach muid ar an Dancing Fountain! Bhí sé do-chreidte!!

San "Underwater Zoo" bhí 20,000 iasc istigh sa tanc mór uisce.  Rinne muid an turas "an Explorer" áit a raibh deis againn bia a thabhairt do na héisc agus dul sa bhád leis an "glass botton" áit a raibh na héisc chomh gar sin dúinn;



Níl mé chun mórán a rá faoin scátáil ach go dteastaíonn roinnt ranganna ón mbeirt againn!! Bhí sé seo an-saor agus bhí uair go leith againn ar an oighear!!


Céard gur féidir a rá faoin Dancing Fountain, tá sé seo saor in aisce do chuile dhuine agus tá bialainn álainn le fáil le taobh an uisce, áit gur féidir béile álainn a fháil fad is atá an scairdeán uisce ag bogadh le hamhráin éagsúla gach leath uair a chlog!! Chonaic muid iad seo i rith an lae agus san oíche agus bhí sé ar fheabhas! Chonaic mé scairdeán uisce cosúil leis seo i Las Vegas, (An Belajio) agus bhí sé chomh draíochtúil céanna.  D'fhanfainn i mo shuí anseo don lá agus don oíche!


Ar an oíche dheireannach a bhí againn fuair muid an "Big Yellow Water Taxi" agus chuaigh muid ar thuras timpeall oileán Atlantis! Bhí sé seo iontach ar fad, bhí an bád chomh sciopthaí agus bhí an captaen chomh greannmhar!!Dá mbeinn inann snámh dhéanfainn iarracht mo bhealach a dhéanamh chomh fada le Villas na ndaoine cáiliúla ar fad atá ina gconaí san áit, Eddie Murphy, David Beckham agus Bill Clinton!  Is óstán mór millteach í an Atlantis féin agus tá costas $40,000 san oíche ar an presidential suite! Tá níos mó airgid ná ciall ag cuid do na daoine a fhanann san óstán seo cheapfainn!!




D'fhan muid sa Radisson Blu i Deira Creek! Áit álainn, nó an seanbhaile atá anseo!! Bhí sé an-chiúin agus ní raibh an áit chomh gafa le hairgead le roinnt de na háiteanna a thug muid cuairt orthu. Díreach trasna ón óstán bhí na báid ag tógáil turais ar an gCreek, fuair muid an bád seo oíche amháin arís déan cinnte go ndéanann tú neart haggling arís!!!



Chomh maith leis seo thug muid cuairt ar an Irish Village! Samhlaigh go raibh Gaeilge ag an bhfreastalaí a bhí againn!! Cheap mé gur b'fhiú é seo a lua!! Cá mbeadh muid gan ár dteanga náisiúnta, agus bhí iarracht ollmhór déanta ag gach duine i dtaobh an teanga!! Maith sibh!!

Tá sé chomh maith dom sibh a scaoileadh isteach ar rún beag amháin anois... bhí mé ar thóir cúpla diamond chomh maith, dúradh liom roimh theacht go Dubai cuairt a thabhairt ar an Gold and Diamond park, ní fhéadfainn gan glacadh leis an moladh bhreá sin. d'éirigh liom cúpla píosa deas a fháil agus seo'd ceann de na píosaí sin.. Céard a cheapann sibh?



Bhuel sin é uaimse a Ghlams!! Tá mé chun sibh a fhágáil leis an bpictiúr deireannach do na houtfits difriúla a chaith mé agus mé ag dul amach i Dubai!! I mo chéad bhlag eile déanamh mé cur síos daoibh ar na gnéithe cultúrtha agus na tips taisteal atá agam daoibh má tá sibh ag smaoineamh dul go Dubai!!

Níl dabht ar bith ach go mbeidh mé ag dul arais go dtí an tír álainn seo mar tá an t-uafás rudaí nach bhfuair muid deis a dhéanamh!! Tá a fhios agaibh féin... leiscéal ar  bith!!


Roseann 
-XXX-


No comments:

Post a Comment